Riail Bheinidict Naofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is riail do mhainsitreacha í Riail Bheinidict Naofa.

Scríobh San Beinidict an riail - naomh a mhair san Iodáil sa 5ú/6ú aois.

I measc na dtreoracha a leagtar síos sa riail, tá

  • rialacha maidir le cúram do mhanaigh breoite
  • rialacha maidir le bia agus deoch láidir i mainistir
  • structhúr molta maidir le paidreacha na mainistreach (mar shampla, ní foláir leabhar na salm a léamh ina iomláine gach seachtain)
  • treoracha don ab.
  • treoracha d'fhear na cistineach.
  • rialacha maidir le humhlacht.