Randall Balmer
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 22 Deireadh Fómhair 1954 71 bliana d'aois Chicago, Illinois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Princeton Herbert Hoover High School (en) Trinity International University (en) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | historian of religion (en) |
| Fostóir | Ollscoil Princeton Ollscoil Columbia Ollscoil Emory Ollscoil Yale Ollscoil Rutgers Ollscoil Northwestern Coláiste Barnard |
| Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
| Teangacha | Béarla |
Is staraí Meiriceánach le reiligiún Mheiriceá é Randall Herbert Balmer (r. 22 Deireadh Fómhair 1954). Mhúin sé i gColáiste Barnard agus in Ollscoil Columbia ar feadh seacht mbliana is fiche sular bhog sé go Coláiste Dartmouth sa bhliain 2012, áit ar ainmníodh é mar Mandel Family Professor sna hEalaíona & Eolaíochtaí. Is sagart Easpagóideach é freisin. Ghnóthaigh sé a PhD ó Ollscoil Princeton sa bhliain 1985. Bhí sé ina ollamh cuairte i gColáiste Dartmouth agus in ollscoileanna Rutgers, Princeton, Ollscoil Drew, Ollscoil Emory, Yale agus Northwestern agus ag Union Theological Seminary, áit a raibh sé ina ollamh cúnta i stair na heaglaise freisin. Mhúin sé freisin i Scoil Iriseoireachta Iarchéime Ollscoil Columbia.[1] Bhí sé ar ina ollamh ar cuairt i Yale Divinity School ó 2004 go 2008.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dartmouth College Dept. of Religion bio.http://www.dartmouth.edu/~religion/faculty/balmer-bio.html