Rabhlóg
Is éard is rabhlóg ann ná abairt nó caint atá deacair a rá, mar shampla ón nGaeilge - d'ith damh dubh ubh amh ar neamh.
Samplaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat!
- Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.
- Rug Liam Rua ar luch ramhar liath.
- Cearc uisce san uisce ag slubáil is ag slabáil.
- Bhí bean ag Joe
Is bhí banjo ag Joe Is bhí banjo ag bhean Joe B'fhearr go deo Joe ar an mbanjo Ná bean Joe ar an mbanjo go deo.
- Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid.
- Arsa Doug beag bog, “Rug gob beag bog gog beag bog. (le Peadar Ó Donnabháin)
- An bhfaca tú an bacach?
Nó an bhfaca tú a mhac? Ní fhaca mé an bacach, Ná ní fhaca mé a mhac, Dá bhfeicfinnse an bacach, Nó dá bhfeicfinnse a mhac, Ní bhacfainn leis an mbacach, Ná ní bhacfainn lena mhac.