R v Sparrow

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtR v Sparrow
Map
Cineáldecision of the Supreme Court of Canada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Bealtaine 1990 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe31 Bealtaine 1990 Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisCeanada Cuir in eagar ar Wikidata
CúirtCúirt Uachtarach Cheanada Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLcanlii.ca… Cuir in eagar ar Wikidata


Ba bhreith thábhachtach de chuid Chúirt Uachtarach Cheanada é R v Sparrow, [1990] 1 S.C.R. 1075 maidir le cearta Bundúchasacha faoi alt 35(1) d'Acht an Bhunreachta, 1982. Dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil cearta Bundúchasacha, mar shampla cearta iascaireachta, a bhí ann in 1982 faoi chosaint Bhunreacht Cheanada, agus mar sin ní féidir iad a shárú gan údar maith mar gheall ar dhualgas muiníneach an rialtais i leith na bPobal Bundúchasach i gCeanada.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh Ronald Edward Sparrow, ball de Bhanna Musqueam, agus é ag iascaireacht le sruthlíon a bhí 45 feá (82 m) ar fad, 20 feá (37 m) níos faide ná mar a ceadaíodh de réir cheadúnas iascaireachta an bhanna faoin Acht Iascaigh, 1985. Níor shéan Sparrow fíorais an cháis, ach sheas sé lena chuid gníomhartha ar an bhforas go raibh sé ag cur a chearta Bundúchasacha i bhfeidhm faoi alt 35(1) d'Acht an Bhunreachta, 1982.

Ag an chéad triail, chinn an breitheamh nár chosain alt 35 ach na cearta conartha a bhí ann cheana, agus nach raibh aon bhuncheart chun iascaireachta ann. Díbheadh achomharc chun Chúirt an Chontae, agus díbheadh achomharc eile chun na Cúirte Achomhairc ar an bhforas nach raibh dóthain fianaise ann chun an chosaint a dhéanamh.

Ba í an tsaincheist a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí ná ar sháraigh an dlí faoi fhad an tsruthlín alt 35(1).

Thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas d'aon ghuth sa chás. Chinn sé go raibh Sparrow ag baint leas as buncheart Bundúchasach (“inherent Aboriginal right”) a bhí ann roimh reachtaíocht an chúige, agus go raibh an ceart sin faoi ráthaíocht agus faoi chosaint alt 35 d'Acht an Bhunreachta, 1982.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]