Jump to content

Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó RNLI)
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála
(en-gb) Royal National Lifeboat Institution Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcarthanas
institiúid
seirbhís éigeandála
sea rescue organization (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibremaritime search and rescue (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícarthanas Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1824
4 Márta 1824
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinan Ríocht Aontaithe, Éire, Oileáin Mhuir nIocht agus Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon saorálaithe40,107 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe2,103 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán198 M£ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrnli.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: rnli X: RNLI Instagram: rnli LinkedIn: rnli Snapchat: rnli Youtube: UCtJyE1cNPjz35piKXXXKDEA Pinterest: rnli Cuir in eagar ar Wikidata

Tarrthálann Institiúid Náisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (INRBT nó RNLI i mBéarla[1]) saolta ar muir. Cuireann siad seirbhís um chuardach agus tarrtháil 24 uair an chloig, seacht lá na seachtaine, agus seirbhís garda tarrthála séasúrach ar fáil.[2]

baoi tarrthála i mBun Cranncha
taispeántas i mBré, aertharrtháil ar muir, Nollaig 2008

Cuireann INRBT seirbhís rí-thábhachtach ar fáil do gach duine a úsáideann an mhuir, cé acu an iascairí nó snámhaithe, srl iad. Tá a gcuid oibre bunaithe ar 4 phríomhluach: neamhleithleacha, muiníneachas, iontaofacht, agus misneach.[2]

Agus í 200 bliain ar an bhfód, meastar go raibh os cionn 146,000 duine tugtha slán ón bhfarraige ag oibrithe deonacha na heagraíochta idir 1824-2024 sa Bhreatain agus in Éirinn.[3]

Murab ionann agus na seirbhísí éigeandála eile, ní mhaoinítear INRBT ag an rialtas. Seasann sé ar thabhartais dheonacha agus leagáidí deonacha chun leanúint ar aghaidh saolta a tharrtháil. Bíonn timpeall EUR180 milliún in aghaidh na bliana ag teastáil ag INRBT in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun a ardchaighdeáin a chothabháil agus chun leanúint ar aghaidh saolta ar an muir a tharrtháil.

Is féidir an teicneolaíocht agus an trealamh ardteicniúil a úsáideann an INRBT a bheith an-chostasach. Mar shampla, tá teicneolaíocht féin cheartaithe ag bád tarrthála de chuid na hAicme Sionainne, rud a chiallaíonn go mbeidh sé in ann é féin a cheartú más rud é go n-iompófaí é. Tá Córas Bainistíochta Córas agus Faisnéise speisialta aige chomh maith, rud a chiallaíonn go bhfuil baill chriú in ann an trealamh a oibriú ó shábháilteacht a suíochán le linn aimsire fabhtaí.[2]

  • In 2023, thug bean Ghaeltachta faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór ar maidin le hairgead a bhailiú don INRBT.[4]
  • Sa bhliain 2021, shnámh ceathrar ban ó Inis Oírr go hInis Meáin inniu ar mhaithe leis an RNLI.[5]
  • Osclaíodh siopa RNLI in Inis Mór in 2022.[6]

Bunaíodh an INRBT ar an 4 Márta 1824 sa City of London Tavern, Londain.

Osclaíodh an chéad stáisiún bád tarrthála in Éirinn san Inbhear Mór ar 30 Samhain 1826.[7][8]

  • In 2017, nochtadh in Árainn Mhór, i nGaeltacht Thír Chonaill, leacht cuimhneacháin in ómós an ochtair a tharrtháil an long, an SS Stolwijk as an Ísiltír, sa bhliain 1940.[9]
  • Caitheadh buidéil ó bhád iascaigh 50km amach ó chósta Árainn Mhór i mí Feabhra 2009 mar chuid d’imeacht tiomsaithe airgid don bhád tarrthála de chuid an RNLI atá lonnaithe ar Árainn Mhór. Aimsíodh an buidéal san Iorua, gar dá theach saoire in Hustadvika san Iorua os cionn ocht mbliana ó seoladh é.[10]
  • Tháinig an St Christopher, bád tarrthála nua, i dtír sa gClochán in 2022.[11]

Ar an 23 Bealtaine 2024, tugadh cuireadh do thriúr de chriú bhád tarrthála na Gaillimhe, i measc 2,500 ball eile den Institiúid, freastal ar chóisir i bPálás Buckingham, mar chomóradh ar an obair tharrthála a bhí déanta acu.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, an "Royal National Lifeboat Institution" (nó uaireanta "Royal National Lifeboat Institute")
  2. 2.0 2.1 2.2 INRBT (2014). "- Dúshlán tiomsaithe airgid (PPT / PowerPoint)" (ga-IE). SlideServe. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-05-23). "Triúr ó bhád tarrthála na Gaillimhe i bPálás Buckingham inniu" (as ga-IE). 
  4. Méabh Ní Thuathaláin (8 Lúnasa 2023). "Bean Ghaeltachta ag tabhairt faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  5. NÓS (2021-08-02). "Snámhfaidh ceathrar ban ó Inis Oírr go hInis Meáin ar son an RNLI inniu" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  6. "Michael Hernon, RNLI Árann" (ga-IE). RTE Radio (2022-10-04). Dáta rochtana: 2024-03-04.
  7. Eoin Mac Raghnaill (Fea 2024). "Bray People". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  8. rnli.org. "Arklow". Dáta rochtana: 2024.
  9. Maitiú Ó Coimín (5 Lúnasa 2017). "Leacht cuimhneacháin in ómós chriú cróga bhád tarrthála Árainn Mhór le nochtadh inniu" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  10. Maitiú Ó Coimín (17 Iúil 2017). "Teachtaireacht i mbuidéal ó Ghaeltacht Dhún na nGall tagtha i dtír san Iorua tar éis ocht mbliana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  11. "Lá mór do lucht farraige i gConamara agus bád tarrthála nua ag teacht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-05-14). Dáta rochtana: 2024-03-04.
  12. "Irish Lifeboats - Home" (en). Irish Lifeboats. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  13. "Dónal O Faoláin, RNLI Helbhic." (en). RTE Radio (2014-06-24). Dáta rochtana: 2024-03-04.