Promanáid Loch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SráidPromanáid Loch

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsráid Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe
Limistéar riaracháinDúglas, Oileán Mhanann Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°09′08″N 4°28′41″W / 54.15224°N 4.47819°W / 54.15224; -4.47819

Ceann de na sráideanna móra agus bóthar na trá is tábhachtaí in Doolish, Oileán Mhanann is ea Promanáid Loch (Manainnis: Shooylaghan Loch, Béarla: Loch Promenade). Ainmíodh an phromanáid in ómós H. B. Loch, leasghobharnóir an oileáin idir 1863 agus 1882. Tógadh agus osclaíodh bóthar na trá agus an tsráid sa bhliain 1878 ar thalamh a gabhadh ón bhfarraige. Ritheann an phromanáid ó dheireadh Kerrin Oonlee (Cearnóg FolcthaBath Place i mBéarla) cois fharraige ar feadh 2,500 slat agus críochnaíonn sí san áit a mbuaileann sí le Raad ny Killey (Bóthar na Cille) agus Shooylaghan Harris (Promanáid Harris). Tá na sráideanna móra Straid Duke (Sráid Diúc) agus Straid Broogh y Traie (Sráid Bhruach na Trá) ceangailte leis freisin. Fuair na tógálaithe costas an bhóthair trí talamh taobh thiar den bhalla mara a chur ar díol. Tógadh sraith de thithe Victeoiriacha ar thaobh an bhóthair, agus anois is ceann den na saintréithe is suntasaí in Doolish iad.