Proiméitéas (crann)
Sa bhliain 1964, mharaigh Donald Rusk Currey an crann ba shine riamh, crann Proiméitéas ar shliabh i Nevada. Bhí Currey ag déanamh croíghearradh ar chrainn i Raon na Nathracha Nimhe. Go dtí an lá atá inniu ann níor thángthas ar chrann ar bith ba shine ná é. Crann péine colgach an Imchuach Mhóir a bhí ann agus ní raibh sé i gceist ag Currey é a mharú. Trí thimpiste a tharla sé agus níor thuig sé a raibh déanta aige gur thosaigh sé ar na fáinní sa trasghearradh a chomhaireamh.
Mac léinn a bhí ann in Ollscoil North Carolina ag Chapel Hill. I mbun taighde ar an oighearaois ghairid agus ar chrainn a bhí sé. Tá dhá insint ar an gcéad chuid eile den scéal; go raibh na croíleacáin torathair rómhór nó ró-iomadúil, nó gur treádh go ródhomhain agus gur ghreamaigh slat miotail ann is gurbh éigean an crann a thrasghearradh lena bhaint. Chabhraigh maor páirce leis chun an crann a leagan. Is ina dhiaidh sin a chomhairigh Currey na fáinní. Ar deireadh fuair sé amach go raibh an crann a bhí leagtha aige beagnach 5,000 bliain d’aois, an crann ba shine ar an taifead riamh.
Tá crainn phéine cholgacha an imchuach mhóir ar na crainn is fadsaolaí ar domhan. Sna 1950idí bhain an fhíric seo siar as daoine, mar síleadh ag an am go raibh baint ag fadsaol crann le chomh mór agus a bhí siad. Crainn péine cholgacha, 20 troigh is mó a bhíonn iontu ó thaobh airde de. Crainn bheaga chnapánacha, fhadharcánacha a bhíonn iontu, gan cosúlacht ar bith acu le crónghiúiseanna California. Fiú amháin má dhéanann síonchaitheamh nó dóiteán dochar do chuid mhór den phéine cholgach bíonn stráicí beaga de choirt in ann maireachtáil dá ainneoin, rud a choinníonn an dé sa chrann. Fásann na crainn go ceann míle bliain nó mar sin, agus ansin tosaíonn an choirt ar thaobh amháin ag fáil bháis. Mar sin ní féidir leis an gcrann na géaga atá díreach os cionn an phaiste sin a chothú agus faigheann siad sin bás. Gan mhoill níl fágtha ach stráice tanaí coirte atá ag tacú leis an duilliúr ar fad. Fiú mura mbíonn ach leithne dhá orlach sa stráice coirte, meastar fós gur crann sláintiúil é atá i mbun fáis.
Chuir leagan an chrainn olc ar dhaoine i bpobal na heolaíochta agus sna meáin ach ba é a leagan a spreag bunú Pháirc Náisiúnta an Imchuach Mhóir ar deireadh thiar.