Prionsabal na tabhartha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bunphrionsabal de dhlí an Aontais Eorpaigh is ea prionsabal na tabhartha. De réir an phrionsabail seo, is aontas dá bhallstáit é an AE, agus tugann a bhallstáit a inniúlachtaí go léir dó go deonach. Níl aon inniúlachtaí ag an Aontas de réir cirt, agus mar sin fanann na Ballstáit ar aon réimsí beartais nár chomhaontaigh na Ballstáit go léir orthu go sainráite i gconarthaí. Léiríonn sé sin go bhfuil an ceart ag na Ballstáit déileáil le gach ábhar a thagann lasmuigh de chomhaontuithe na gConarthaí agus ní féidir leis an AE gníomhú ach amháin faoi na hinniúlachtaí arna dtabhairt ag na Ballstáit atá sainithe ag na Ballstáit sna conarthaí.[1]

Bhí an prionsabal seo mar bhonn agus taca ag an Aontas Eorpach i gcónaí, ach sonraíodh go sainráite é den chéad uair sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a moladh agus ar diúltaíodh dó. Ina ionad, tugadh an prionsabal anonn go dtí an Conradh ar an Aontas Eorpach (CEA). Tá sé leagtha amach go hiomlán inAirteagail 4[2] agus Airteagail 5[3] den CAE

Tugadh an prionsabal anonn go dtí an Conradh ar an Aontas Eorpach a ionadú. Tá sé leagtha amach go hiomlán in Airteagail 4 agus 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)an Conradh fir3 ar an Aontas Eorpachan prionsabal seo mar bhonn agus taca ag an Aontas Eorpach i gcónaí, ach sonraíodh go sainráite é den chéad uair sa Chonradh ag bunú Bunreachta don Eoraip a moladh agus ar diúltaíodh dó. Tugadh an prionsabal anonn go dtí an Conradh ar an Aontas Eorpach a ionadú. Tá sé sonraithe go hiomlán in Airteagal 4 [4] agus in Airteagal 5 [5] den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Léiríonn an dá Airteagal go soiléir nach ngníomhaíonn an tAontas ach amháin laistigh de theorainneacha na n-inniúlachtaí arna dtabhairt dó ag na Ballstáit, ach ansin sonraítear go soiléir "Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí fós ag na Ballstáit." Déantar é seo a athlua in Airteagal 4(1) agus ordaíonn sé go “Urramóidh an tAontas comhionannas na mBallstát i bhfianaise na gConarthaí, mar aon lena bhféiniúlacht náisiúnta atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail áitiúil agus réigiúnach. Urramóidh sé a bhfeidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, an smacht reachta a chaomhnú agus an tslándáil náisiúnta a choimirciú. Fanfaidh an tslándáil náisiúnta, go háirithe, ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin."

Ina lán réimsí tá inniúlacht roinnte ag an Aontas leis na Ballstáit. Nuair a bheidh reachtaíocht sna réimsí sin rite ag an Aontas aistrítear inniúlacht chuig an Aontas.

Naisc sheachrtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "Leaganacha comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh".[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rasmussen (2011). "English Legal Terminology: Legal Concepts in Language, 3rd ed. By Helen Gubby. The Hague:Eleven International Publishing, 2011. Pp. 272. ISBN 978-90-8974-547-7. €35.00; US$52.50.". International Journal of Legal Information 39 (3): 394–395. doi:10.1017/s0731126500006314. ISSN 0731-1265. 
  2. Wikisource:Consolidated version of the Treaty on European Union/Title I: Common Provisions#Article 4
  3. Wikisource:Consolidated version of the Treaty on European Union/Title I: Common Provisions#Article 5
  4. Wikisource:Consolidated version of the Treaty on European Union/Title I: Common Provisions#Article 4
  5. Wikisource:Consolidated version of the Treaty on European Union/Title I: Common Provisions#Article 5