Prióireacht Oileán na Tríonóide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Mainistir Éireannach de chuid na gCanónach Bán agus Séadchomhartha Náisiúnta is ea Prióireacht Oileán na Tríonóide agus í suite ar Oileán na Tríonóide.[1][2]

Tá Oileán na Tríonóide le fáil sa chuid theas de Loch Cé.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí mainistir ar an oileán ón seachtú haois AD, agus tá binn agus doras de chuid an naoú haois fós ann. Bhunaigh Clarus Mag Máilín, Ard-Déagánach Ail Finn, prióireacht ann in 1215 faoi choimirce Chathail Uí Raghallaigh, rí Bhréifne Uí Raghallaigh. Tháinig roinnt manach ó Mainistir na Búille in 1228. Rinneadh mainistir di timpeall 1235.

Bhíothas chun leagan amach clabhstrach a dhéanamh, cé nár tógadh ach an tsraith oirthearach.[3] Bhí seomra caibidle ann agus suíocháin chloiche (sedilia). Tá an mhainistir 21 méadar ar fad agus sé mhéadar ar leithead agus tá aghaidh an dorais siar. Ní fágtha den mhainistir ach an ball thiar leis an doras agus sáinn dhá chlog sa bhinn. Bhí doras Rómhánach ceithre ord ann a tógadh idir na blianta 1160 agus 1170, ach tógadh amach é sa 19ú haois chun é a chur in Ardeaglais Naomh Feilimidh sa cheantar céanna.[4]

Bhunaigh Clarus craobhtheach ar Loch Uachtair i gContae an Chabháin in 1237, mar a deir Annála Connacht:

Tinscetal manestrech canonach do denam do Chlarus Mac Moilin ind Oilen na Trinnoite ar Loch hUachtair tria tidnacal Chathail h. Raigillig.[5]
(Tionscadal mainstreach Canónach do Chlarus Mag Máilín in Oileán na Tríonóide trí thíolacadh Chathail Uí Raghallaigh.)

Cuireadh na bráithre sa mhainistir féin agus in dhá reilig ar an oileán. In 1436 fuair an bandíthreabhach Gormfhlaith bás ann.[6] Chuir tochailt sheandálaíoch in iúl gur dódh an teach lastuaidh den eaglais sa 15ú haois, rud a dhearbhaíonn iontráil in Annála Connacht.

Manestir na Trinoti for Loch Ce & imagin an Trinoti do loscad la connil bai ac mnai chanonaig ar lasad.[7]
(Mainistir na Tríonóide ar Loch Cé agus íomhá na Tríonóide do loscadh le coinneal a bhí ag banchanónach ar lasadh.)

Scríobhadh Annála Loch Cé anseo agus iad ag cur síos ar imeachtaí idir 1014 agus 1590.

Bhí Ruairí Mac Diarmada, tiarna Mhagh Loirg, i seilbh na mainistreach in commendam ó 1548. Bronnadh í ar fhear darbh ainm Robert Harrison in 1594, agus cuireadh an Ridire Conyers Clifford ann in 1599. D’fhág na manaigh dheireanacha an mhainistir in 1608 nuair a choigistigh Séamas I Rí Shasana í.

Tá Úna Bhán Nic Dhiarmada, iníon Bhriain Óig Mhic Dhiarmada (tiarna Mhagh Loirg 1603–36), curtha ar an oileán. Ní ligfeadh a hathair di Tomás Láidir Ó Coistealla, mac le namhaid dó, a phósadh, rud a tharraing a bás, más fíor.[8][9]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://openlibrary.org/books/OL22636278M/Archaeological_excavations_at_Holy_Trinity_Abbey_Lough_Key_Co._Roscommon
  2. Clyne, Miriam (1 January 2005). "Archaeological Excavations at Holy Trinity Abbey Lough Key, Co. Roscommon". Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C 105C (2): 23–98. 
  3. Finan, Thomas (eag.). Medieval Lough Cé: History, Archaeology and Landscape. Four Courts Press, 2010.
  4. Irish Stones: http://www.irishstones.org/place.aspx?p=435
  5. Annála Connacht, 1237.7: https://celt.ucc.ie/published/G100011/index.html
  6. McAvoy, Liz Herbert. Anchoritic Traditions of Medieval Europe. Boydell & Brewer Ltd, 2016.
  7. Annála Connacht, 1466.29: https://celt.ucc.ie/published/G100011/index.html
  8. Clyne, Miriam (1 January 2005). "Archaeological Excavations at Holy Trinity Abbey, Lough Key, Co. Roscommon" 105C (-1). doi:10.3318/PRIC.2005.105.1.23. 
  9. "Roscommon Genealogy IGP".