Láraonad próiseála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Próiseálaí)
Infotaula equipament informàticLáraonad próiseála

Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
processor design (en) Aistrigh
Taisc-chuimhne Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an láraonad próiseála (LAP) (Béarla: Central Processing Unit, giorrúchán: CPU) an chuid d'aon ríomhaire a dhéanann gnó na "hinchinne" istigh ansin. Tugtar "próiseálaí" ar an láraonad próiseála freisin (processor an téarma Béarla). Is é an láraonad próiseála a láimhsíonn na sonraí de réir na dtreorach atá leagtha amach sa ríomhchlár. Is minic a thagraítear d'ainm an phróiseálaí lena mhíniú cén cineál ríomhaire atá ann - cineál próiseálaí é "Pentium 4", mar shampla. Ar luas an phróiseálaí a thomhaistear éifeachtúlacht an láraonaid. Is é an heirts (Hz) aonad an luais, sin nó an meigiheirts (MHz, aon mhilliún heirts) nó an gigiheirts (GHz, nó míle milliún heirts).

Is é an láraonad próiseála a dhéanann an ríomhaire in-ríomhchláraithe, agus is cuid riachtanach é d'aon ríomhaire, sean nó nua - chomh riachtanach leis an stóras príomhúil agus na háiseanna ionchuir agus aschuir. Má tá comhábhair an láraonaid priontáilte ar aon chlár amháin, mar chiorcad comhtháite, deirtear gur micreaphróiseálaí atá ann. Ó lár na seachtóidí ar aghaidh, thosaigh na ríomhairí ag éirí chomh héifeachtúil agus nach raibh sé ciallmhar a thuilleadh aon dearadh eile a úsáid le haghaidh láraonad próiseála ach na micreaphróiseálaithe.

Meaisín loighce é an láraonad próiseála atá in ann ríomhchláir a rith. De réir an tsainmhínithe seo, bhí láraonad próiseála i ngach ríomhaire, fiú sular tháinig an téarma féin "láraonad próiseála" in úsáid sa tionsclaíocht ríomhaireachta i dtús na seascaidí. Is iomaí craiceann a chuir na láraonaid phróiseála díobh san idirlinn, ach is í an úsáid chéanna a bhaintear astu i gcónaí.

Ar dtús, ba nós gach láraonad próiseála a dhearadh mar chuid den ríomhaire iomlán, agus dearadh gach ceann acu go hindibhidiúil. Bhí sé costasach, ar ndóigh, agus lenár linn, tháinig olltáirgeadh na bpróiseálaithe caighdeánaithe in áit an dearaidh indibhidiúil seo. Thosaigh an fhorbairt seo le teacht na dtrasraitheoirí, agus tháinig tuilleadh luais air nuair a priontáladh an chéad chiorcad comhtháite ar chlár ciorcaid. Anois, is féidir próiseálaithe a tháirgeadh nach bhfuil ach cúpla milliméadar ar fad is ar leithead. De bharr an mhionadúcháin agus an chaighdeánúcháin seo, úsáidtear próiseálaithe digiteacha ina lán gléas eile seachas ríomhairí amháin: is féidir teacht ar mhicreaphróiseálaithe leabaithe i ngluaisteáin, i ngutháin phóca, agus, fiú, i mbréagáin do na páistí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]