Défheinil pholaclóirínithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Polaclóraidéfeinilí)

De ghnáth, meascán comhdhúl ina malartaítear adaimh clóiríne ar adaimh hidrigine i ndéfeinil, C12H10 (móilín ina bhfuil dhá ghrúpa feinile nasctha le chéile). Tugtar DFPanna orthu (PCPs i mBéarla). Móilíní an-chobhsaí is ea iad, ionas gur ábhair an-mhaithe lasairmhoillitheacha is leictrinslitheacha iad. Ach nuair a dhíghrádaíonn siad faoi dheireadh, is tocsaineach táirgí an díghrádaithe. I 1999 fuarthas dé-oscain is PCBanna i mbianna d'ainmhithe, ag leibhéal i bhfad níos airde ná mar a bheadh sabháilte. Tharla eachtra mar seo in Éirinn maidir le cothú muc i 2008: truaillíodh an-chuid muiceola in Éirinn is go hidirnáisiúnta, agus rinneadh an-damáiste do thionscal na muiceola. Is amhlaidh a charnann PCBanna, cosúil le dé-ocsain, i saill na colainne agus a fheidhmíonn mar nimhiú mall.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaclóraidéfeinilí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.