Pohjola

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Pohjola ann ná áit éigin i miotaseolaíocht na Fionlainne, ag déanamh tagartha do Pohja (an tuaisceart), mar aird an chompáis, an Tír Thuaidh — na réigiúin Artacha go léir, agus sa chruinne den Kalevala, tír na Sámach.

Ar an saol seo cuimsíonn Pohjola páirteanna na Laplainne agus na Sean-Kainuu. Is féidir Pohjola a thuiscint mar áit mhiotasach go glan, tobar an oilc — tír ghruama bhuanfhuar sa chian-tuaisceart. Is féidir go dtagann galair agus sioc ón Pohjola seo. Is é namhaid Väinölä é Pohjola — an tír Kalevala.

Sa mhiotaseolaíocht, is í Louihi bean luí Pohjola, droch-chailleach a bhfuil an-chumhacht aici. Gaibhníonn an t-ollghabha Seppo Ilmarinen Sampo ar a hordú agus tugann sé di é mar choibhche ar a hiníon. Is éard is Sampo ann ná muileann draíochtúil na flúirse, cosúil le Corn na bhfuíoll, a mhaistríonn amach fairsingeacht ar son mhuintir Pohjola, ach tá a chlaibín maistridh mar shiombail áirse na firmiminte, breactha le réaltaí, ag rothlú ar ais lárnach nó philéar an Domhain. Cuireann pearsanta eile ón Kalevala ceiliúir pósta ar iníonacha Pohjola chomh maith: an t-eachtránaí Lemminkäinen san áireamh, agus an saoi mór Väinämöinen. Éilíonn Louhi eachtraí orthu cosúil le gaibhniú an Sampo: mar shampla, an Eala Tuonela a scaoileadh. Tar éis don iarrthóir an iníon a phósadh, is é an nós céilithe móra a cheiliúradh i halla mór Pohjola, le gach rogha bia is gach togha dí.

Bhí bunchloch philéar an Domhain, nó fhréamh an "chrainn dhomhanda" seo, lonnaithe, ó phointe féachana na miotaseolaíochta Fionlannaí, in áit éigin díreach taobh thall de bhun na spéire thuaidh, i Pohjola. Gaibhniú an Sampo agus a thaisceadh, i dteannta a fhlúirse, ag an gcailleach Louhi i sliabh mhór i measc réimse dorcha Pohjola; coimhlint agus cogadh mhuintir an deiscirt chun an Sampo a fhuascailt agus é a ghabháil lena n-aghaidh féin; millteanas deireanach an Sampo ina dhiaidh sin agus cailleadh a chlaibín ríthábhachtaigh (a chiallíonn gur briseadh an crann domhanda ag an Mol Thuaidh): tá na scéalta seo go léir ina gcion suntasach den ábhar iomlán sa Kalevala.

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]