Plé úsáideora:Seanán

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Srios tú amach an Príomhleathanach i ndearmad,


A Sheanáin, fáilte romhat go dtí na Vicipéide. Go raibh maith agat mar gheall ar na dréachtaí a scríobh tú. Ach caithfidh mé a rá nach bhfeicim aon bhunús leis an bhfocal sin "cianamharcaíocht" a d'úsáid tú in áit "teilifís". Níor chuala mise an focal sin roimh ré, agus níl aon thoradh aige i nGoogle ar chor ar bith ([1]). Ach tá thart ar 40,000 toradh ann do "teilifís" ([2]). Mar a deirtear ar an leathanach eagarthóireachta, "Luaigh do chuid foinsí go mbeadh sé ar a chumas do dhaoine eile do chuid oibre a scrúdú." Iarraim ort giota fianaise ar bith a lua don bhfocal "cianamharcaíocht" a thaispeáneann go bhfuil úsáid níos fairsinge aige sa Ghaeilge labhartha ná mar atá ag teilifís. Mar sin, ba féidir linn na téarmaí a phlé agus an focal is fearr a roghnú astu. Go raibh maith agat as do chuid cabhrach sa Vicipéid! --Gabriel Beecham 01:54, 19 Nollaig 2005 (UTC)[reply]


Sílim gur ceart teilifís a choinneáil ós é sin an focal a thuigeann chuile dhuine is a bheas siad a chuardach. Tuigim go bhfuil rian an Bhéarla air, a Sheanáin, ach faraor géar, sin é an focal atá sa nGaeilge. Déarfainn an rud céanna maidir le riancharr agus tram. Ní thuigfeadh mórán daoine riancharr. Mar sin, is ceart teilifís agus tram a bheith ina dteidil ar na haltanna thuasluaite, cé go bhféadfá a lua san alt go bhfuil na focail cianamharcaíocht agus riancharr ann freisin. le meas, lpmorris

  • Ba mhaith liom aontú leis an nós sin - má tá an fhianaise ann go bhfuil an focal eile á úsáid, ba féidir é sin a lua sa chéad abairt san alt. Mar shampla, úsáidtear "gluaisteán" agus "carr" go leathan don rud céanna, agus ba cheart an dá ainmneacha a úsáid san alt Gluaisteán, gan dabht. --Gabriel Beecham 02:28, 19 Nollaig 2005 (UTC)[reply]