Plé:Trevor Mac Goill

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Carbh as an t-ainm Trevor Mac Goill? Níl sé le fáil áit ar bith ar an Ghréasán. B'fhéidir gur "Original research" atá ann? --MacTire02 08:47, 26 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Bhuel, b'fhéidir go bhfuil, caithfidh mé a rá. Ní sampla maith é an ceann seo, ach tá sé de nós ag craoltóirí Gaeilge (eg RnaG) leagan Gaeilge a chur ar ainmneacha agus iad ag labhairt faoi imreoirí éagsúla, mar shampla sa nuacht agus ag deánamh trácht ar chluichí beo. Mar shampla, ní chloistear Colm Cooper, ach Colm Cúipéir i gcónaí, agus araile. Chomh maith le sin, úsáidtear ainmneacha Gaeilge ar na cláir oifigiúla a ndíoltar ag na cluichí féin. Má tá tú ag éisteacht le cluiche beo ar RnaG, beidh tú ag lorg an t-ainm Gaeilge sa Vici, agus ní an ceann Béarla. --Antóin 09:39, 26 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]
Tuigim go bhfuil roinnt mhaith de na craoltóirí ag baint úsáid as leagain Ghaeilge agus iad ag labhairt faoi imreoirí éagsúla, ach i mo thuairim caithfidh orainn glacfadh leis an ainm ginearálta, muna bhfuil foinse ann ina bhfuil an t-ainm Gaeilge scríofa. Is leis an duine féin a ainm, agus is é an rogha aige/aici amháin cén t-ainm atá á chur air/uirthi.Tóg mo shampla - is é Bernard Daly an t-ainm Béarla orm nó Bearnárd Ó Dálaigh má tá tú ag cur Gaeilge focal ar fhocal air.Ach b'fhearr liom an leagan Brian Ó Dálaigh. B'fhéidir go bhfuil an tosaíocht chéanna ag Trevor? Níl fhios againn ag uair seo, ach níl cead againn a ainm a athrú, IMH. Cad a cheapann tú? Chan fhuil mé ach ag plé, so, ná bac liom. MacTire02 11:07, 26 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]
Na h-abair é, ábhar spéise domsa chomh maith. Aontaím go bhfuil an ceart ag an duine féin thar aon rud eile, ach déantar na hathruithe seo go minic nuair atá daoine ag caint fúthu as Gaeilge. Agus, mar an gcéanna, ní fheicim rud ar bith mícheart le daoine ag cur Gaeilge ar ainmneacha Éireannacha, ar mhaithe leis an lucht éisteachta áirithe, cibé ceann atá acu. Mar seo, nuair atá muid ag cur leaganacha Gaeilge ar ainmneacha, nílimid á rá go bhfuil aon riail daingean ag baint leis, agus níl ann ach an leagan a bhaintear úsáid as i meáin na Gaeilge. Tá fianaise ann chomh maith nuair a éistear leis na craoltóirí Gaeilge, ach ní féidir tagairt chruinn á fháil ó leathanach ar an idirlín, nó ó leabhar éigin. Tá sé le fáil, ach níl sé breactha síos.--Antóin 16:55, 26 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]