Plé:Túr Eiffel

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Túr Eiffel a bheadh agamsa - ní fhaca / níor chuala mé "an túr Eiffel" roimhe seo. Nach ainmfhocal dílis é Eiffel atá sa tuiseal ginideach? Rí Shasana, Duais Nobel, Túr Eiffel seachas "an Rí Shasana", "an Duais Nobel", "an Túr Eiffel"? Tameamseo 22:18, 5 Lúnasa 2009 (UTC)[reply]

Sea, is ainmfhocal dílis é 'Eiffel' ! Má fheiceann tú ar na samplaí thíos luaite, b'fhéidir go mbeadh tuairimí eile agat faoin gceist seo;

  • De réir a chéile tháinig An Túr Eiffel romhainn ó chúl na gcrann agus na bhfoirgneamh.

http://www.irishnews.com/anteolas.asp?catid=5794&subcatid=5795&sid=624198

  • Bhí bratach ghorm an AE ar foluain go hard i bPáras is an Túr Eiffel faoi shoilse i ndathanna an AE an chéad lá d' Uachtaránacht AE na ...

http://ec.europa.eu/news/eu_explained/080703_1_ga.htm

  • Thug muid cuairt ar Pháras ar an bhealach ar ais agus chonaic muid an Túr Eiffel, ar ndóigh. Is breá liom an Fhrainc! An bhliain seo chugainn, ...

http://www.bbc.co.uk/schools/gcsebitesize/irish/writingh/holidays_rev5.shtml

(b) An ndeachaigh an cainteoir suas go barr an Túr Eiffel? Cad chuige? ... (e) Cad chuige ar roghnaigh an cainteoir dul go dtí an Túr Eiffel Oíche Chinn ... http://www.rewardinglearning.org.uk/docs/specimen/GCE_Irish_SP_MS.pdfÉóg1916 11:56, 26 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]

I nGaeilge, ní úsáidtear alt roimh ainmfhocal má leanann ainmfhocal eile sa tuiseal ginideach é. Droch-Ghaeilge a bheadh ann. Samplaí: an phríomhchathair, príomhchathair Shasana, an teach, teach Uí Cheallaigh, an t-uachtarán, uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, an duais, Duais Nobel, Mar sin, más ainmfhocal dílis sa tuiseal ginideach é Eiffel, ní maith liom an t-alt. Samplaí [1] [2] [3] An dtuigeann tú anois?

Tameamseo 18:18, 1 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]

Tuigim, go raibh maith agat! Ach, an raibh na húdair, thuas luaite agam, go léir mícheart mar sin?Éóg1916 20:34, 1 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]