Plé:Seoirse Ó Laoi

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cá fuair tú an t-ainm Seoirse Ó Laoi? Níl mé ábalta an t-ainm sin a fháil áit ar bith ar an idirlíon. Tá sé féin ag baint úsáid as George Lee agus níl Seoirse Ó Laoi le fáil ar finegael.org, suíomh oifigiúil Fhine Gael. Original research atá ann i mo thuairim. --MacTire02 12:39, 8 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]

Aontaím. Ar "nuacht RTÉ" féin, thógadar "George Lee" air. Féach anseo. Guliolopez 13:52, 8 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]

Aontaím libh. D'athraigh mé é. Cheap mé gurb é caighdeán na Vicipéide ainm Gaelach a úsáid do pholaiteoirí Éireannacha? Agsmaoineamh 18:01, 8 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]

Táim den tuairim céanna, a chairde. Ach déanta na fírinne, níl aon chaighdeán cheart againn. Caithfidh muid ceann amháin a roghnú, a fhoilsiú in áit éigin sna leathanaigh seo, agus a cloígh leis as seo amach. Déarfainn féin go bhfuil gá leis an dá leagan, ach an ceann atá in úsáid go forleathan chur ann mar theideal. --Antóin 20:30, 8 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Bhuel, tá fadhb ann leis aon aistriúchán atá déanta againn anseo. B'fhéidir gurb é Seoirse Ó Laoi an t-aistriúchán ceart do George Lee, ach tá rogha aige faoin aistriúchán. Féach ar Alison - is é Alsún nó Alasún an gnáthaistriúchán, ach is féidir Éibhlís a fheiceáil in áit Alsún. Féach orm féin - is é Bernard Daly m'ainm - sna scoileanna bhí m'ainm aistrithe mar Bearnard Ó Dálaigh - ach is fuath liom an t-ainm Bearnard. B'fhearr liom féin Brian Ó Dálaigh. Tá an t-ainm Edward aistrithe i mBÁC mar Éadbhard (féach ar Lord Edward Street - Sráid an Tiarna Éadbhaird (BÁC)), ach in áiteanna eile tá sé aistrithe mar Éamonn (Lord Edward Street - Sráid an Tiarna Éamoinn (Sligeach)). Nuair atá leagan den ainm aige le feiceáil ar suíomh oifigíuil (aige, ag Fine Gael, nó ag Dáil Éireann) beimid in ann an t-alt a athseoladh. Ach muna bhfuil leagan aige, caithfidh orainn glacfadh leis George Lee srl. --MacTire02 23:21, 8 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]
Sea, sin é go díreach. An fhadhb is mó atá ann ná nach bhfuil údarás ceart ar fáil chun an leagan Gaeilge ceart a roghnú. Ar an suíomh seo, agus ar fud an Idirlín, is iomaí leagan éagsúla a fheiceann tú. Bíonn difríochtaí móra ann, mar a luann tú thuas, agus fiú mion-difríochtaí sa litriú, mar shamplaí Éamann/Éaman/Éamonn/7rl, Séamas/Séamus, Pádraic/Pádraig, Alastar/Alsandar/Alastar/Alastair/na mílte eile. Bhíos féin ag féachaint ar an acmhainn seo mar "chaighdeán", ach dúirt Panu Petteri Höglund go gcuireann seisean muinín sa liosta. Agus muna bhfuil tinneas cinn agat cheana, maidir le leasainmneacha, sin scéal iomlán eile arís. Ní dóigh liom go bhfuil aon údaráis ann a mholann leagan amháin nó leagan eile. An cheart, mar shampla, Jimmy a aistriú mar "Séimí"?. Ábhar frustrachais gan dabht. --Antóin 06:05, 11 Bealtaine 2009 (UTC)[reply]