Plé:Sú oráiste
Cuma
Éirigh as a phleice!! Ná bí ag loiteadh leathanaigh atá ceart. Níl an litriú "sú oráiste" ceart de réir na bhfoclóirí. Féach i bhFoclóir Ó Dónaill cad is brí le sú oráistí (Féach ar an bhfocal Sú). Ní sú oráiste atá ann ach sú oráistí, mar aon le sú liomóidí, ní sú liomóide
- Ach sa Foclóir Beag de chuid an Ghúim is é sú oráiste an leagan ceart (lch.403 An Foclóir Beag - Gaeilge-Gaeilge, An Gúm, 2000). Chomh maith leis sin, tá an ceart ag Guliolopez - de réir focal.ie anseo (údarás téarmaíochta na Gaeilge - is í an teanga chaighdeánach teanga na vicipéid) is é sú oráiste an leagan ceart. Ach ar an lámh eile tá sú oráistí le feiceáil i bhfoclóirí eile (Ó Dónaill ar leith). I mo thuairim, is éard is sú oráiste ann ná sú le dath oráiste air (súnna atá déanta as trátaí agus cairéid le chéile ina measc - oráiste=aidiacht sa chás seo), agus is éard is sú oráistí ann ná sú atá déanta as oráistí amháin. Cad a cheapann sibh? --MacTire02 20:21, 22 Lúnasa 2009 (UTC)