Plé:Printísigh Dhoire

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Níl aon chiall leis an leagan "Buachaillí Printiseach" de réir na gramadaí. Mura n-úsáidtear an leagan Béarla sa Ghaeilge, is é "Na Printisigh" nó "Printisigh Dhoire" an leagan is fearr. Tugaigí faoi deara nach bhfuil sé ceart, ach an oiread, "*Na Printisigh Dhoire" a scríobh. Panu Petteri Höglund 20:39, 19 Nollaig 2006 (UTC)[reply]

Aontaim; úsáidtear "Printísigh Dhoire" sna scrúduithe stáit srl. D'athainmnigh mé an lch. --Gabriel Beecham 01:33, 20 Nollaig 2006 (UTC)[reply]

Réitigh mé an ghramadach anois. Chonaic mé "Taobh an Bhogaigh" ar Bogside in úsáid, ach níl aon chúis mhaith agam le "Taobh an Phortaigh" a chaitheamh i dtraipisí. (Ní bheadh "Taobh an Portach", a bhí ann ar dtús, inghlactha ó thaobh na gramadaí de, ar ndóigh.) Maidir leis an "Teacht chun Fortachta", is é "fortacht" an focal speisialta le "relief" a aistriú nuair atáthar ag trácht ar an "relief" a thugtar d'áit faoi léigear. Is gnách "dul chun fortachta" nó "teacht chun fortachta" nó "fortacht a thabhairt" don áit sin. Panu Petteri Höglund 08:39, 20 Nollaig 2006 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat; bhí mé ró-thuirseach aréir chun teacht ar na hainmneacha chearta! --Gabriel Beecham 12:45, 20 Nollaig 2006 (UTC)[reply]