Plé:Liosta na Leabhar Gaeilge

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Two points:

  • Liosta Leabhar Gaelacha is bad grammar. After the weak genitive plural, adjective also takes genitive plural. Thus, Liosta Leabhar Gaelach would be correct. Besides, Irish often prefers to rely on definite articles where English doesn't, because in Irish definite articles are also used in a generic sense (this is why we say time will tell in English, but is maith an scéalaí an aimsir in Irish. Thus, Liosta na Leabhar Gaelach would look more natural.
  • What exactly makes a book "Gaelach"? Language? Then it should be Liosta na Leabhar Gaeilge. Content? Panu Petteri Höglund 01:01, 5 Mí na Samhna 2009 (UTC)
  • It would also be advisable to order the books by author, not by title.
  • If a comprehensive list of all books in Irish, Gaelic and Manx is indeed needed, then it should also incorporate the lists of books about or in the main dialects. Panu Petteri Höglund 01:07, 5 Mí na Samhna 2009 (UTC)
A Phanu, a chara, Ní thigim cén fáth a mbíonn fonn ort na cúrsaí seo a phlé liomlinn i mBéarla na Banríona!? Éóg1916 11:46, 5 Mí na Samhna 2009 (UTC)
Deirtear na teangacha Gaelacha nach féidir Liosta na Leabhar Gaelacha a rá freisin? Éóg1916 16:26, 7 Mí na Samhna 2009 (UTC)
An chéad rud: Iolra lag é "leabhair". Mar sin, ní chuirtear -a leis an aidiacht sa ghinideach iolra. "Na Leabhair Ghaelacha, ach liosta na leabhar Gaelach. (Ón taobh eile de, is tréaniolra é teangacha, nó ní athraíonn an iarmhír sa ghinideach iolra: bheadh liosta na dteangacha Gaelacha ceart go leor.)
Ach is é an fhadhb mhór atá ann ná céard is "leabhar Gaelach" ann? Leabhar i nGaeilge, nó leabhar i gceann de na teangacha Gaelacha? Nó leabhar a bhfuil ábhar Gaelach ann, cosúil le miotaseolaíocht Ghaelach, fiú más i mBéarla nó i bhFraincis atá sé scríofa? Leabhar faoi ghramadach na Gaeilge, nó faoi ghramadach Ghaeilge na hAlban, nó faoi ghramadach Ghaeilge Mhanann? Nó leabhar faoi mhatamaitic agus é i nGaeilge?Panu Petteri Höglund 13:12, 8 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Scéal eile fós: ná scríobh "X do scríobh", murab é sin an leagan atá ar thul-leathanach an leabhair féin. Thar aon rud eile, ní Gaeilge Chaighdeánach atá ann ach seanlitriú nó Gaeilge Mhuimhneach. "X a scríobh" an leagan caighdeánach. Ach thairis sin, drochobair leabharliostaíochta atá ann má athraíonn tú an leagan a bhí sa leabhar féin. Cuir i gcás, tá leabhar againn ar scríobh duine darbh ainm Maitias Mac Cuarta é. Más é "Maitias Mac Cuarta a scríobh" atá ar thul-leathanach an leabhair, cuir an leagan sin sa leabharliosta. Más é "Maitias Mac Cuarta do scrígh" an leagan atá sa leabhar féin, cuir an leagan sin sa leabharliosta. Más é "Maitias Mac Cuarta a chum agus a cheap an scéal seo" an leagan sa leabhar, bain úsáid as sin. Sin dea-obair leabharlannaíochta agus bíbleagrafaíochta, go bunúsach. Panu Petteri Höglund 13:20, 8 Mí na Samhna 2009 (UTC)

GRMA! Tá an sainmhíniú seo a leanas ag Wikipedia; "Gaelic as an adjective means "pertaining to the Gaels", including language and culture. As a noun, it may refer to the group of languages spoken by the Gaels, or to any one of the individual languages, all of which are members of the Goidelic branch of the Celtic languages." Cheap mé go mbeadh 'Gaeilge' (Gaeilge na hÉireann &na hAlban, srl.) ró-chúng, mar go raibh i gceist agam níos mó ná leabhair i nGaeilge amháin a liostáil. Bheadh leabhar i nGaeilge, nó leabhar a bhfuil ábhar Gaelach ann, cosúil le miotaseolaíocht Ghaelach, fiú más i dteanga eile atá sé scríofa, leabhar faoi ghramadach na Gaeilge, nó faoi ghramadach Ghaeilge na hAlban, nó faoi ghramadach Ghaeilge Mhanann? Nó leabhar faoi mhatamaitic agus é i nGaeilge.Éóg1916 14:31, 8 Mí na Samhna 2009 (UTC)
Maith go leor. Athróidh mé ainm an leathanaigh arís, agus cuirfidh mé an sainmhíniú sin leis.Panu Petteri Höglund 14:57, 8 Mí na Samhna 2009 (UTC)
Arís eile tá mé fíor-bhuíoch díot. Adh mór! Éóg1916 20:06, 8 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Dhá phointe:

  • An bhfuil aon chiall le leabhair a liostáil de réir teidil? Nach gnáthach leabhair a liostáil de réir údair, ansin de réir teidil?
  • Ní dóigh liom go bhfuil ciall ar bith le leabhair i nGaeilge na hEireann, na hAlban agus Mhanann, a rangú le chéile. Ar an gcéad dul síos beidh an liosta seo ollmhór. Nach fearr trí liosta a dhéanamh de? Micilin


an gá duinn nasc a chur chuig alt ar leabhar ar bith mar shampla DeoraíochtArtemis FowlHarry Potter agus an Órchloch tá cúpla leabhair in easnamh, an Béal Bocht, srl ach ní raibh mé cinnte an raibh feidhm an ailt réitithe againn go fóil--137.43.105.17 13:44, 20 Mí na Samhna 2009 (UTC)

Ba chóir Liosta na Leabhar Gaeilge a bheith ar an alt seo, cé go bhfeicim fáth áirithe rud nios leithne a bheith ann. Eomurchadha (talk) 01:39, 9 Márta 2013 (UTC)[reply]