Plé:League of Ireland

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba chóir leaganacha Gaelach a chur ar na foirne - cad a cheapann sibh? Cen fáth nach bhfuil Droichead Átha Aontaithe anseo in áit Drogheda United mar shampla? Níl aon ghá le Béarla anseo sa chás seo. —Scríobh an t-úsáideoir 86.40.210.24 (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Ní aontaím leat a chara. Féach ar an diaspóireacht a bhí againn anseo. De réir na dtreoirlínte faoi COMMONNAME agus TEAMNAMES, ba chóir dúinn an "official/common name" a úsáid anseo. Féach mar shampla ar na leathanaigh eile faoi Drogheda United:
Ar an tionscadail "en Espanól" mar shampla, ní úsáidtear "Club Fútbol Unidos de Drogheda", ach an "official/common name" in a áit. Tá na rialacha céanna againn anseo. Guliolopez 00:10, 25 Márta 2008 (UTC)[reply]

Go raibh maith agat as do fhreagairt sciobtha. Ach ní dóigh liom go bhfuil go leor treoracha sna coinbhinsiúin luaite agat i leith teidil chlubanna a bhfuil lonnaithe i limistéar le dhá theanga oifigiúil cosúil le hÉireann, nó áit ina bhfuil teanga mhionlaigh faoi bhrú ag mórtheanga. Níl a fhios agam an bhfuil nó nach bhfuil leaganacha Ghaeilge oifigiúla ar ainmneacha na gclubanna - níl a gcuid airteagal feicthe agam. Ach tá chuid is mó den fhoirne ag úsáid logainmneacha ina dteidil agus is áiteanna iad a bhfuil logainmneacha oifigiúla Gaeilge orthu. Tá an phobal Ghaeilgeoireachta agus na meáin Ghaeilge ag líonadh an fholúis agus ag úsáid na logainmneacha siúd chun teidil Ghaeilge a chruthú do na clubanna, níl siad ag úsáid "Drogheda United" ar chor ar bith. Maidir leis na leathanaigh a liostáil tú thuas, ba chóir dóibh na dhá ainm - Béarla & Gaeilge - a thaispeáint chun aitheantas ceart a thabhairt dár stádas dátheangach ach caithfimid tosú sa bhaile ar dtús. Tagair tú freisin do dhíospóireacht faoi 'Liverpool F.C' ach níl sé sin ábhartha mar níl an club sin lonnaithe i limistéar dhátheangach. Cé go bhfuil na clubanna ag úsáid Béarla amháin de réir dealramh, tá an pobal Gaeilgeoireachta ag úsáid leaganacha Gaeilge an t-am ar fad. Ba chóir don suíomh seo an réaltacht sin a aithint agus an dara háit a thabhairt do Bhéarla anseo. Impím ort do loighic a athscrúdú agus áis cheart a sholáthar do lucht na Gaeilge anseo.—Scríobh an t-úsáideoir Lon Dubh (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Tuigim go maith an argóint faoin "comhthéacs dátheangach". Ach ní aontaím go fóil. Feicim 3 fahbanna fós:
(1) WP:OR. Is dócha go bhfuil fabhbanna le "ORIGINALRESEARCH" againn anseo. Nuair a bhfuil "precedence" don ainm Ghaeilge mar "COMMONNAME", bhéadh sé inghlachta úsáid a bhaint astu anseo. Ach, ar an drochuair, níl ainmneacha Gaeilge acu - ach i gcás nó dhó. An bhfuil "COMMONNAME" Ghaeilge ag "Sporting Fingal", nó "Limerick 37", nó "Finn Harps"? I can't find any, and it would be inappropriate to invent names in Irish from an ORIGINALRESEARCH perspective.
(2) Comhsheasmhacht. Further, only translating those which do have Irish names in common use would cause consistency problems. Ní bheinn féin sásta le ainm Ghaeilge i gcás amháin ("Droichead Átha Aontaithe"), agus ainm Bhéarla i gcásanna eile ("Sporting Fingal", etc).
(3) Official use. Ceapaim féin go bhfuil fadhbanna le "official use" fós. Possibly a case of "shame on them", but none of the entities involved use na hainmneacha Gaeilge. The FAI themselves don't use Irish team names. Agus, i gcás "Drogheda United" arís, ní bhaintear féin úsáid as an ainm Gaeilge. Féach anseo :(
Sin é mo thairimse arís in aon chur. Guliolopez 03:01, 26 Márta 2008 (UTC)[reply]


Níl mé sásta go bhfuil tú ag tréigean teanga an thionscadail seo agus ag labhairt Béarla liom. D'aitheasc mé an fóram seo i nGaeilge agus ní chóir do bhaill sinsearacha a bheith ag tabhairt freagra dom i dteanga ar bith eile. Tabhair dom, agus don teanga an meas ceart agus tabhair gealltanas dom nach ndéanfadh tú a leithéid arís.—Scríobh an t-úsáideoir Lon Dubh (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

Nach luaifear foireann na hÉireann sna nuachtáin as gaeilge?? nó ar an raidió nó ar TG4??B'fhearr liom féin iad a fhéiceáil as gaeilge ach má úsáideann na meáin cumarsáide ghaeilge iad as Béarla ní thuigim conas a fhéadfadh muid é a aistriú...

--Spaircí 09:39, 26 Márta 2008 (UTC)[reply]

Tá ainmneacha coitianta Ghaeilge ag cuid is mó de na foirne agus úsáidtear go forleathan iad. Go bhfios dom úsáidtear an logainm lom de ghnáth, "Fine Gall" le haghaidh "Sporting Fingal" agus "Luimneach" le haghaidh "Limerick 37". Níl leagan Ghaeilge ar "Finn Harps" agam ach is mionlach iad na foirne a bhfuil mar sin. Níl aon ghá le hainmneacha a chruthú. Tá an ceart ag Guliolopez nach bhfuil foinse údarásach ar fáil ach is féidir linn é sin a shárú go héasca trí phlé ar gach ainm ina aonar agus comhdhearcadh a fháil. Caithfimid idirdhealú a dhéanamh idir na ainmneacha coitianta i measc Béarlóirí agus na ainmneacha coitianta i measc Gaeilgeoirí, agus tosaíocht a thabhairt do na Gaeilgeoirí anseo.

Ceapaim go bhfuil an pointe ag Guliolopez i leith comhsheasmhacht freagartha agam thuas mar níl ach mionlach na ainmneacha le fáil gan aistriúchán. Faoi láthair níl aon chomhsheasmhacht idir an leathanach "FAI League of Ireland" agus an teanga Ghaeilge.

Is cuma nach bhfuil Cumann Peile na hÉireann ag úsáid ainmneacha oifigiúla Ghaeilge. Tá an eagraíocht sin ag tabhairt neamhairde do stádas oifigiúla na Gaeilge agus tá an suíomh seo faoi láthair ag buanú agus ag tabhairt tacaíocht don dearcadh sin. Nuair nach bhfuil leaganacha oifigiúla le fáil, ba chóir tosaíocht a thabhairt do na hainmneacha Gaeilge neamhfhoirmiúil a fhorbraíonn an pobal iad féin chun an bearna sin a líonadh seachas Béarla a úsáid. Cad iad na chéad fhocail a d'úsáidfeadh úsáideoir chun níos mó eolais a fháil ar an Vicipéid faoi Sraith an hÉireann as Gaeilge? Ní dóigh liom go bhfuil siad chun "League of Ireland" nó "Drogheda" a chur isteach.

Lon Dubh - gabh mo leithscéal, níl a fhios agam conas síniú a chur anseo.—Scríobh an t-úsáideoir Lon Dubh (plédréachtaí) an trácht roimhe seo, ach bhí síniú in easnamh.

(Chun do shíniú a chur isteach, bhain úsáid as an cnaipe sin thuas (), nó níos simplí, chur "~~~~" (4 tildes) isteach) Guliolopez 12:24, 26 Márta 2008 (UTC)[reply]


Go raibh maith agat as an gcúnamh ach fós níl mé sásta le "Sorry for using few words of English in that response...." Cuir stop leis an mBéarla le do thoil, agus beidh mé sásta ansin. Níl ach craiceann Gaeilge anseo le hinne leofa le Béarla. Tháinig mé anseo mar cheap mé go raibh an suíomh seo ag iarraidh Gaeilge a chur chun cinn ach mura bhfuil tú toilteanach Gaeilge a úsáid mar modh cumarsáide, bíonn tú ag déanamh níos mó dochair ná maitheas.

Lon Dubh 15:37, 26 Márta 2008 (UTC)[reply]

Mo thuairim - ba chóir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla a bheith ann, mar is iad na teangacha oifigiúila atá againn in Éirinn. Ag an am céanna áfach, nílim ar aon intinn le Lon Dubh - ní Vicipéid "do Ghaeilgeoirí" í seo, a chuireann an Béarla faoi chois. Is Vici trí mheán na Gaeilge í, sin an méid. Agus tá dualgas ann é a choimeád cothramach, réadúil agus neodrach. Antóin 19:50, 26 Márta 2008 (UTC)[reply]

Déanfaidh mé iarracht a bheith cothromach, réadúil agus neodrach a chara. Tosóidh mé arís. Tá an eolas go léir ar an gCumann Peile na hÉireann le fáil i mBéarla ar an Vicipéid Bhéarla ach nuair a leanann tú an nasc díreach chuig Vicipéid Ghaeilge tá na hainmneacha go léir mar an gcéanna leis an leagan Béarla. Mar sin, tá an t-eolas sin le fáil i mBéarla faoi dhó. Géillim nach Vicipéid do Ghaeilgeoirí í seo agus is Vici trí mheán na Gaeilge í. Agus mar sin, cén fáth nach féidir linn eolas a sholáthar faoi Chumann Peile na hÉireann trí mheán na Gaeilge. Má théann éinne go dtí an leathanach seo, chreidfidís nach bhfuil leaganacha Gaeilge ar bith ar na ainmneacha ann cé go n-úsáidtear iad go forleathan sa saol Ghaeilgeoireachta. Tá Vicipéid ag scaipeadh mí-eolais dá bharr. Lon Dubh 11:35, 27 Márta 2008 (UTC)[reply]

Creidim go bhfuil fadhb níos bunúsaí anseo, sin é nach bhfuil coinbhinsiún ainmniúcháin Ghaeilge le fáil. Tá an tionscadal seo ag brath ar an gcoinbhinsiún atá leagtha amach sa tionscadal Béarla ach níl sé sásúil chun déileáil leis na cúinsí difriúla ina bhfeidhmíonn Gaeilge. Cad a cheapann sibh faoi leathanach tionscadal a chruthú chun coinbhinsiún a fhorbairt? 86.46.8.251 19:21, 28 Márta 2008 (UTC)[reply]

Tá a fhois agam go bhfuil nach bhfuil an díospóireacht seo críochnaithe, ach cén fáth go bhfuil níos mó ghaeilge sna hailt béarla ná fiú anseo?

Bohemian F.C. (Irish: An Cumann Peile Bóithéimeach), more commonly referred to as Bohemians http://en.wikipedia.org/wiki/Bohemian_FC

St Patrick's Athletic Football Club (Irish: Cumann Peile Lúthchleas Phádraig Naofa) is an Irish football club playing in the FAI League of Ireland Premier Division. http://en.wikipedia.org/wiki/St._Patricks_Athletic

Finn Harps Football Club (Irish: Cumann Peile Chláirsigh na Finne) are an Irish football club playing in the FAI Premier Division of the FAI League of Ireland. http://en.wikipedia.org/wiki/Finn_Harps_F.C.

Sporting Fingal (Irish: Cumann Peile Fhine Gall) is a semi-professional, Dublin based football team competing in the FAI First Division http://en.wikipedia.org/wiki/Sporting_Fingal_F.C.

tá leagan ghaeilge na n-ainmneacha seo in úsáid sa vicí béarla ach níl sé in úsáid anseo? céard tá cearr? comh maith le sin, bíonn chluichí beo craolta ag tg4 gach cúpla seachtain, chonaic mé beacgnach gach foireann ón bpríomh sraith le hainm ghaeilge (finn harps san áireamh).

cé nach bhfuil na hainm foirfe Cumann Peile Shelbourne msh, is léir go bhfuil siad in úsáid, bíonn na tráchtairí tg4 ag labhairt ar feadh an chluiche ar fad as ghaeilge ag úsáid leagan ghaeilge ainm na foirne. --193.1.172.163 11:24, 17 Deireadh Fómhair 2008 (UTC)[reply]

Is é League of Ireland an t-ainm ar an sraith.[1] Tá Cumann Peile na hÉireann i gceannas ar an sraith agus taispeán an logo sin go leor. Ceapaim go bhfuil athainmnigh is gá. Onetonycousins 00:38, 4 Meitheamh 2009 (UTC)[reply]