Plé:Gael-Mheiriceánaigh

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is dócha gur 'Meiriceánaigh Éireannacha' atá i gceist le 'Gael-Mheiriceánaigh'?? An ionann Éireannach agus Gael nó Éireannaigh agus Gaeil? Tá an Vicipéid ag rá ; Tugtar Gaeil (Gael, fir., Gaeil = iolra agus gin, aid. = Gaelach) ar cuid mhór de mhuintir na hÉireann, na hAlban agus oileáin Mhanann, agus ar a sliocht ar fud an domhain.

Nuair atá daoine as Éirinn amháin i gceist bheadh sé cruinn, beacht agus inmholta 'Éireannaigh' a úsáid. Éóg1916 21:22, 6 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

Is dócha go bhfuil an ceart agat de réir an "bheachtas" don téarma (Gaeil v Éireannaigh). Ach, is é an "COMMONNAME" ata tábhachtach anseo. ("use the most common name of a person or thing"). Is dócha go bhfuil "Gael-Mheiriceánaigh" an COMMONNAME den choincheap seo. Féach ar Google mar shampla. Is léir nach soiscéal atá ann, ach tá Gael-Mheiriceánaigh i bhfad níos coitianta ná Meiriceánaigh Éireannacha. Bhaineann, mar shampla, The Institute for Irish-American Studies, BEO, An Leabharlann Náisiúnta, Foinse, srl úsáid as "Gael-Mheiriceánaigh". Ní bhaintear an úsáid céanna as "Meiriceánaigh Éireannacha". Guliolopez 07:55, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

Tá an téarma i nGaeilge in ainm agus a bheith ag freagairt don téarma i mBéarla. Is é an téarma i mBéarla ná 'Irish American' ní 'Gaelic American'! Éóg1916 08:07, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

Arís, tuigim na hargóintí go maith - ach níl sé dúinne an téarma a cheartú anseo. Totally un-ambiguous or not, it is the common-use term. With tongue firmly in cheek, one could similarly argue that the EN term "Irish American" is similarly ambiguous - given that "American" is not specific on which part of the Americas is involved. ("Irish United States-ian" being a possibly a more accurate alternative :). "Irish American" (like "Gael-Mheiriceánaigh") is the common-use term (100% accurate or not), and, in the same way as we wouldn't "reinvent" the term "Irish American", I'm not sure it's appropriate for us to do so here. (Freisin, mar a dúirt Antóin [féach thíos], ag brath ar cibé sainmhíniú don focal "Gael" atá i gceist, is dócha nach bhfuil an fadhb chomh deacair mar a bhraitheann sé...) Guliolopez 10:11, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

Ceist shuimiúil, i.e. "An ionann Éireannach agus Gael nó Éireannaigh agus Gaeil?", caithfim féin a rá nach thuigim an difríocht. I gcomhthéacs an ailt seo, is é "Irish-American" atá i gceist. B'fhéidir go mba cheart níos mó eolas a chur san alt seo Gael, chun chúlra an théarma a chur i láthair. --Antóin 08:36, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

An bhfuil an Ghaeilge 'Gael-Mheiriceánaigh' míchruinn? Nach mbeadh 'Gael-Mheiriceánach' ceart anseo? Is ainmfhocal uatha é 'Gael'.

Tuige nach Gaeil-Mheiriceánaigh a bhéas ann? ( Tá an focal Béarla 'Irish' san uimhir iolra! Tá 'Albanaigh Éireannacha' ar 'Scots-Irish' ar an Vici ní Albanach Éireannacha! Tá 'Angla-Éireannaigh' ar Anglo-Irish ar 'focal.ie', nach mbeadh 'Albanaigh-Éireannaigh' inmholta mar sin do Scots Irish? Éóg1916 11:28, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

RE: FnaG (Iolra/Common-use), féach ar http://focal.ie/Search.aspx?term=Irish-American:
 Irish-American s
 Gael-Mheiriceánach fir1
 gu: Gael-Mheiriceánaigh, ai: Gael-Mheiriceánaigh, gi: Gael-Mheiriceánach
Guliolopez 13:20, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]
Ní déarfainn nach bhféadfaí locht a fháil ar "Gael-Mheiriceánach" mar théarma, ach dealraíonn sé gur téarma é a bhfuiltear ag baint úsáide as le fada an lá anuas. Nuair a thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge, bhí "Lig Sinn i gCathú" ar ceann de na chéad leabhair a cheannaigh is a léigh mé riamh sa teanga, agus is cuimhin liom i gcónaí go ndúirt an blorba go bhfuair Breandán Ó hEithir duais éigin ó "fhondúireacht chultúrtha na nGael-Mheiriceánach" nó institiúid éigin eile den chineál sin. Cé nach bhfuil róchuma air mar théarma, tá sé incheaptha, fiú, gur seantéarma é de dhéantús na gcéad-athbheochantóirí Gaeilge, ó tá glacadh leis le fada. Agus má tá sé le fáil i bhfocal.ie freisin, is dócha nach bhfuil gá le téarma eile. Panu Petteri Höglund 14:59, 7 Eanáir 2009 (UTC)[reply]

An focal "Gael-Mheiriceánach"[athraigh foinse]

Focal comhshuite é agus mar sin ní chuirtear an díochlaonadh i bhfeidhm ach ar an gcuid dheireanach: Gael-Mheiriceánach, Gael-Mheiriceánaigh. Cf. íolbhristeoir, camghnó, mórchuid.Panu Petteri Höglund 11:46, 15 Feabhra 2009 (UTC)[reply]