Plé:Flannbhuí (dath)

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An dath é "oráiste"?[athraigh foinse]

"Is annsin a tchifimís nach dath de chuid na Gaedhilge é "oráiste" ach gur faoi "buidhe" nó "dearg" a chuirtear rudaí den dath sin, agus tchifimís cá luigheann an teorainn eadar buidhe agus dearg. Thig an rannsú sin a dheánamh go fóill.  Ach b'fhearr deifre a dheánamh, nó is goirid uilig a bhéas duine ar bith fágtha beo a bhfuil córas Gaelach na ndathann ina gceann, ar neamhchead do bhrú an Bhéarla agus do leabharthaí amaideacha." (Tagairt: An dath é "oráiste"? https://www3.smo.uhi.ac.uk/oduibhin/cruinneas/oraiste.htm

  • Deir an Bhunreacht, AIRTEAGAL 7 an méid seo a leanas; "An bhratach trí dhath .i. uaine, bán, agus flannbhuí, an suaitheantas náisiúnta."
  • Deir 'Foclóir Gaelscoile';

flannbhuí aidiacht ; den dath oráiste.

oráiste ; toradh cruinn súmhar le craiceann tiubh dearg-buí

(Tagairt: Ciarán Dunbar;https://twitter.com/ciarandunbar/status/1448905933170659349)


Roinnt samplaí dá úsáid

  • "Bhí an áit anois ina lasracha dearga, uaine, buí, flannbhuí agus corcra, agus téad an cheoil á chasadh is á threorú acu" (Antain Mac Lochlainn; Malairt Scéil - Nuascéalaíochta as Albain. Cois Life 2006)
  • "Bhí an carrchlósfolamh agus an solas ard flannbhuí a bhí taobh thiar di ag caitheamh scáile thall is abhus." (Tagairt: Máire Dinny Wren. Go mbeinnse shoiche saor. Éabhlóid 2016)
  • "Ansin thug sé gúna fada gorm is flannbhuí amach... " (Tagairt: Darach Ó Scolaí. An Cléireach, 2007)
  • Maidir le Téarma], tá "oráiste" agus "flannbhuí" i gceart mar téarmaí mar dath - Alison plé 16:14, 6 Feabhra 2023 (UTC)[reply]
    ----
    Thug Ciarán Ó Duibhín le fios nach dath de chuid na Gaeilge é
    "oráiste"! Mhol sé dúinn leas a bhaint as flannbhuí!
    "Is annsin a tchifimís nach dath de chuid na Gaedhilge é "oráiste" ach gur faoi "buidhe" nó "dearg" a chuirtear rudaí den dath sin, agus tchifimís cá luigheann an teorainn eadar buidhe agus dearg. Thig an rannsú sin a dheánamh go fóill.  Ach b'fhearr deifre a dheánamh, nó is goirid uilig a bhéas duine ar bith fágtha beo a bhfuil córas Gaelach na ndathann ina gceann, ar neamhchead do bhrú an Bhéarla agus do leabharthaí amaideacha."
    Tá an Foclóir Beag (Ó Dónaill & Ua Maoileoin, 1991)
    • oráiste fir4 toradh súmhar milis agus craiceann buí air a fhásann i dtíortha teo; an deoch a bhaintear as an oráiste.
    • flannbhuí aid3 ar dhath an oráiste (Uaine, bán, agus flannbhuí na dathanna atá ar bhratach na hÉireann)
    Deir an Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill, 1977)
    * flannbhuí, a3. (Of colour) Orange.
    • oráiste, m. (gs. ~, pl. -tí). Orange.
    *Crann oráistí, orange-tree.
    *Dath ~, orange colour.
    Faraor, tá an chuma ar an scéal go raibh Tearma.ie aineolach ar chóras na ndathanna Gaelacha, nó b'fhéidir go raibh rún daingean acu an teanga a lagú nó a dhéanamh níos éasca son fhoghlaimeoir'.
    Mirabile dictu, níl leagan Gaeilge den téarma 'dumb down' ar fáil i Tearma.ie! Ériugena (plé) 22:41, 6 Feabhra 2023 (UTC)[reply]