Plé:Euro

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-eoró, luach an eoró, na heorónna, luach na n-eorónna.

Deireann daoine atá ag úsáid an focal Béarla euro in abairtí Gaeilge "luach an euro", mar sin, is dócha gur gá an t-eoró a bheith sa tuiseal ainmneach. (Ní moltar an eoró, na heoró, na heorónna, luach na n-eorónna.) Evertype 22:18, 28 Nov 2004 (UTC)

Cheapfainn go bhfuil an cheart agat, a Mhichíl. Meabhar. Samhain 29ú, 2004.

Nil cead an eoro a úsaid againn mar tá se tábhachtach an focol cheanna le an chuid eile na eoraip. Is riail é. Tá tu ablta athdíreach na daoine a scriobh eoro go dti leathanach nua.

Níl tú i gceart, áfach. Molann Rannóg Aistriúcháin an Aontais Eorpaigh chun "leaganacha nádúrtha" a úsáid in aistriúchán - saghas botún atá i gceist gur bhain Rialtas na hÉireann as 'euro' mar an focal Ghaeilge. --Gabriel Beecham 22:24, 11 Aib 2005 (UTC)

Euro an focal a mbaintear úsáid as[athraigh foinse]

I gcaint na Gaeilge, sna foclóirí agus i neart áiteanna eile, is é Euro an Ghaeilge ar "Euro". B'fhéidir gur rud maith nó drochrud é sin, ach ní shílim gur chóir dul in éadan bhúnús na ndaoine. Conchúr 19:17, 26 Mei 2005 (UTC)

Ní focal Gaeilge é euro, cé go bhfuil sé in úsáid ag a lán daoine. Deirtear an euro, luach an euro, 8 euro, líon na euro. Ach ba cheart é a bheith an euro agus luach na heuro más focal baininscneach é, nó an t-euro agus luach an euro más focal firinscneach.
Ní úsáideann an focal sin gramadach na Gaeilge, agus mar sin ní féidir é a ghlacadh mar fhocal Gaeilge, ach mar fhocal Béarla in úsáid i gcaint Gaeilge. Déan comparáid idir sin agus an fíorfhocal Gaeilge: an t-eoró, luach an eoró, 8 n-eoro, líon na n-eorónna. B'fhéidir go bhfuil sé fior nach n-úsáideann a lán daoine an focal Gaeilge -- toisc nár ghlac RTÉ ná an Roinn Airgidis leis an bhfocal. Léigh http://www.evertype.com/standards/euro/euro-eora-ga.pdf le do thoil. Tá sé ar intinn agam an t-alt seo a athainmnigh ar ais go Eoró.
Tá sé ar intinn agam nóta a scríobh maidir leis an gceist teangeolaíochta seo. Evertype 21:42, 26 Mei 2005 (UTC)
Tá mé ag dul é seo a scríobh i mBéarla, toisc go dtuigfear go soiléir é -
Evertype, I fully understand what you're talking about, and I agree whole-heartedly that a more structured plan should have been implemented regarding the word for Euro in Irish. I would have no problem accepting the word "eoró" in the Vicipéid, except for the fact (as you mentioned) that a lot of people use the word "euro" (and which is stated as the translation in a number of sources, including Collins Pocket Irish Dictionary, Acmhainn.ie srl.
Collins state that the word euro has been classified as nm4. This means, that people are using the official word for the euro, they're just not using the correct grammar. If it so happens that the Department of Finance and RTÉ and the dictionaries take it that the Irish word for "Euro" is "Euro" - then so be it. It's just one aspect of the language that you mightn't like.
It is unfeasible that "Euro" is cited in every other source for the Euro, while on the Vicipéid we have "Eoró" - I strongly feel, unless the word is offically changed to "Eoró", that we need to change the translation to "Euro".
Le meas, Conchúr 22:22, 26 Mei 2005 (UTC)
Have you read my article I pointed to above? It is also available in English at http://www.evertype.com/standards/euro/euro-eora-en.pdf. "Euro" does not follow the rules of spelling Irish in any way. "eu" is pre-Caighdeán spelling for what is now "éa", and words like this don't end in -o, but -ó. The woeful fact of the matter is that the name of the currency in Ireland in both English and Irish has been a sociolinguistic disaster, because of appallingly poor language planning and because of ignorant mistakes on the part of McCreevy's Finance ministry. The broadcasters parrotted the unjustified and unjustifiable s-less plural "euro", because they thought they were "supposed" to. The Translation Department of the EU itself recommends the natural plural "euros" in English in all contexts except legislation. RTÉ is not doing this, which is the only reason people in Ireland say "5 euro and 25 cent" instead of the natural "5 euros and 25 cents". The "rule" that the word should be "the same" in all languages was intended to make the banknotes simple and to avoid a country saying "we're going to call it the shekel" or something. Rannóg an Aistriúcháin knows better, but did not stand up to ensure that our national currency had its own name. It does, however, have a name, eoró, which has been used in print, though less often than it should because the media have not wished to make a stand. Accordingly, despite what Collins may say, euro cannot be a masculine Irish noun, as it does not conform to Irish orthography. And the "rules" are that "euro" is immune to mutation (t- and n-) which means it isn't an Irish word at all. It is a foreign word used in Irish without Irish grammar. There is an Irish word, and there is nothing wrong with the Vicipéid recognizing this and giving it its proper prominence. Evertype 14:48, 27 Mei 2005 (UTC)
Unfortunately, the only references on Google to the word "eoró" are few, and mainly from evertype.com - If euro is the used and "official" (even if it's in correct) word for Euro, then so be it. We can, of course, mention that the correct word for "Euro" is "Eoró", but I think that the primary article, should be Euro
You know, sometimes you have to take a stand for something. If you say "eight euro and nine cent" you have learned bad English grammar from RTÉ which did what it thought McCreevy wanted, which was based on a mistaken understanding of legislation. If you say "ocht euro agus naoi cent" you are not using Irish words for your currency, and you are not using Irish grammar with those words. Properly speaking, it should be "ocht euro agus naoi cent" in this instance, where the foreign words are properly italicized. If you want to use Irish words, you must say "ocht n-eoró agus naoi gceint". (Whither the abandonment of "ceint" (see de Bhaldraithe 1959?) By the way, it is incorrect to capitalize currency names. It's not "The currency of this country was the Pound and now is the Euro"; it's The currency of this country was the pound and now is the euro". That habit too is an example of the poor linguistic planning this word had. Evertype 15:37, 28 Mei 2005 (UTC)

An bhfuil tuairim ar bith ag duine ar bith eile faoin sceál seo? 80.189.227.141 08:11, 28 Mei 2005 (UTC)

Athruithe[athraigh foinse]

Thug mé fá deora gur athraigh duine é go euro níos luaithe - arís, níl barúil ar bith agam cad chuige nach dtig leat é a fhágáil mar sin. I ndeireadh an dála, sin an focal a mbaineann gach duine eile úsáid as, agus sin a deirtear sna meáin agus sna foclóirí. Conchúr

Botún de chuid Rialtas na hÉireann atá ann maidir le pleanála teangeolaíochta, mar atá luaite thuas. Is féidir "Crios an euro" a rá, le focal neamh-Ghaeilge in úsáid, i gcló iodálach. "Fair play dhuit. Ach, a Conchúir, má tá tú ag iarraidh focal Gaeilge a úsáid, is gá go mbaineann gramadach leis an bhfocal. Baininscneach? Firinscneach? Tuiseal ginideach? Más focal firinscneach: an t-eoró, luach an eoró, na heorónna, luach na n-eorónna. Más baininscneach: an eoró, luach na heoró, na heorónna, luach na n-eorónna. Agus ba cheart úrú a chur leis: 7 n-eoró. Mura mbaineann gramadach leis an bhfocal, ní focal Gaeilge atá ann. Evertype 09:25, 1 Meán Fómhair 2005 (UTC)[reply]
A Evertype, a chara - ar dtús, ba mhaith liom a rá nach bhfuil fadhb ar bith agat mar dhuine. Is í an cheist seo an rud amháin nach n-aontaím leat fá dtaobh de. Tuigim go han-mhaith, go huile is go hiomlán go bhfuil fadhbanna móra ag an fhocal "euro" maidir le cúrsaí gramadaí, agus ní bheadh fadhb ar bith agam leis an fhocal níos fearr, mar a deir tú agus ó taobh gramadaí de, "eoró" - dá mba rud é gurb é sin an focal oifigiúil, an focal atá sna foclóirí agus an focal a shocraigh Rialtas na hÉireann le haghaigh an fhocail Bhéarla euro. Ach ní hea. Agus an rud is mó a chuireann isteach orm, ná daoine ag cumadh focal, agus ag iarraidh an teanga a dhéanamh níos deacra ná mar atá anois.
Socraíodh (d'aonghnó nó de bhotún) gurb é an focal Gaeilge (don am i láthair, pé scéal é) ná euro - ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh, dar le Collins Pocket Irish Dictionary. Má ghlacann tú leis gurb é seo an focal, cad chuige nach ndeir tú an t-euro, luach an euro? Falsacht de chraoltóirí atá ann, nuair a deir siad "an euro" agus níl fáth ná cúis ar bith ann cad chuige nach dtig linn an t-euro a scríobh anseo, ar an Vicipéid. Conchúr 17:25, 1 Meán Fómhair 2005 (UTC)[reply]
Is le lucht labhartha na Gaeilge an Ghaeilge. Ní leis an Rialtas í. Mura bhfuil an Rialtas in ann pleanál sochtheangeolaíoch a dhéanamh (agus NÍ RAIBH an cheist seo pléite), cén fáth nach féidir linn níos fearr a dhéanamh? Maidir leis an litriú euro, ní litriú Ghaelach inti. I Gaeilge an Duinnínigh, bhí eu in úsáid, ach ciallaíonn an litriú sin éa: reul -> réal; Seumus -> Séamas. Ní *éaró i gceist, áfach. Ar léigh tú an t-alt a scríobh mé san Aimsir Óg? Níor ghlac na Liotuánaigh le euro, dála an scéil. Euras a bheidh ann. Evertype 18:41, 1 Meán Fómhair 2005 (UTC)[reply]

Glan Seafóid[athraigh foinse]

A Evertype, dúirt tú gur "le lucht labhartha na Gaeilge an Ghaeilge" agus is fíor sin. Dúirt tú chomh maith nach "leis an Rialtas í" - ar ndóigh, tá ceart agat. Ach ní hé go ndeir lucht labhartha na Gaeilge "eoró" ar chor ar bith. Tusa amháin a deireann sin. Ní fútsa an focal scoire. Is tusa an t-aon duine amháin atá ag iarraidh an focal amaideach seo a chur i bhfeidhm. Cuir stop leis láithreach, led'thoil. Tá tú ag déanamh prácáis de Vicipéid na Gaeilge. Jamesnp 15:42, 29 Nollaig 2005 (UTC)[reply]

I mo thuairimse, ní féidir a shéanadh go bhfuil "Euro" an focal is minicí sa Ghaeilge. Úsáidtear é ag na meáin, ag na dúchasaigh agus ag na foghlaimeoirí. Go cinnte, cuirimis san áireamh nach bhfuil gach aon duine sásta faoi agus go bhfuil moltaí eile á úsáid (más feidir sámplaí a fháil ar líne d'eoró mar shampla). Táim ag athainmniú an t-alt bheith euro. --Gabriel Beecham 20:27, 29 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
Conas a tharla é seo inné, ar an bpointe, tar éis nóta amháin de chuid Jamesnp? Ní focal Gaeilge é an focal euro. Ní chloíonn sé le gramadach na Gaeilge. Tá muintir eile na hEorpa ag úsáid a dteangacha go ceart leis an bhfocal: evras sa Liotuáin, mar shampla. Botúin a rinne MacCreavy, agus nach bhfuil sé ait go bhfuil muintir na hÉireann sásta leis na botúin sin. Evertype 10:49, 30 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
Nach bhfuil i bhfad níos mó ná ainm an airgeadra "ag déanamh prácáis de Vicipéid na Gaeilge", a James? Cé tusa, Jamesnp, ar aon nós - cuir ar an eolas muid ar do leathanch pearsanta. Tá an t-uafás oibre déanta ag Michael maidir le cúrsaí Gaeilge agus mar sin is maith liom a thuairim faoin saghas ceiste seo a fheiceáil. Tá muintir chéile Iodáileach agam agus níl fhios acusan cé fáth nach n-úsáidtear euri mar uimhir iolra euro as Iodáilis. Creidim gur ceist oscailte atá ann i measc muintir limistéar an euro/eoró. Tuairim eile.... (Daithimac 14:47, 30 Nollaig 2005 (UTC))[reply]
Bhí plé ar súil ar suíomh eile. Glacaim do phointe ar an bhfocal – ní focal na Gaeilge é – is é an fhírinne. Ach, ní focal Francis é, ní focal Spáinach é, srl... is focal gan aon nasc náisiúnaigh é agus sin an fáth nach bhfuil aon leagan eile (iolra nó litriú eile) den fhocal i bhfeidhm i ndlí nó i gcaint na ndaoine in Éirinn. Glacann na daoine an focal euro i nGaeilge, agus i mBéarla glacann siad an focal Euro gan iolra. Tabhair spléachadh timpeall na tíre, éist leis na daoine eile atá ag caint – fianaise go leor nach raibh an focal eoró i gcrích riamh. Ba cheart don chiclipéid seo an fhírinne seo a léiriú. A Dhaithi anois, níor bhain mé aon úsáid as Wikipedia go dtí arú aréir agus mar seo ní raibh mé ar an eolas faoi agus níor chuir mé aon rud ar mo leathanch pearsanta. Deiseoidh mé é faoi láthair. Jamesnp 15:39, 30 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
Níl iolra euro glactha le gach duine in Éireann i mBéarla; tá taithí ag daoine é a chlos toisc gur roghnaigh an craoltóir náisiúnta é, agus ba bhotún an roghnú sin toisc níor thuig Rialtas na hÉireann nach raibh feidhm sa Directive chun gramadach teangacha na hEorpa a athrú. Tá an t-iolra euros in úsáid go rialta i bhFraincis, i Spáinnis, agus i bPortaingéilis, agus molann an Coimisiún an t-iolra euros (.i. an t-iolra nádúrtha) a úsáid i mBéarla i gcónaí ach i dtéacs dlíthe. Léigh é seo arís agus arís eile, a Jamesnp, go dtí go dtuigeann tú nach bhfuil an craoltóir náisiúnta ná na meáin eile ag déanamh an rud cheart, .i. Béarla nádúrtha a úsáid. Agus chun filleadh ar ais don Ghaeilge: cén fáth nach bhfuil dúinn focal Gaeilge a úsáid le haghaidh airgeadra náisiúnta na hÉireann? Léigh http://www.evertype.com/standards/euro/euro-eora-en.pdf (Béarla) nó http://www.evertype.com/standards/euro/euro-eora-ga.pdf (Gaeilge), á Jamesnp, agus smaoinigh cé leis ár dteangacha sa tír seo. An le Charlie McCreevy agus Fianna Fáil iad? An gá dúinn glacadh leis ar ghlac RTÉ dá mbotúin? Evertype 23:45, 30 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
Aithnítear, a Evertype, nach cloíonn euro le gramadach na Gaeilge. B'fhearr liomsa dá mbeadh eoró á úsáid go hoifigiúil ag na seirbhísí stáit srl, agus aontaím leat gur botún é. Ní raibh an údarás sin againn, áfach, chun an socrú sin a dhéanamh - ní féidir ach trácht iomlán neodrach a dhéanamh ar an scéal mar atá sé. Caithfear a adhmáil go bhfuil euro an t-ainm is minicí sa Ghaeilge labhartha agus scriofa. Ní chiallaíonn sé sin ar chor ar bith nach féidir linn an pointé a phlé ó thús deireadh san alt é féin, mar a dhéantar sa Vicipéid Bhéarla (en:Linguistic issues concerning the euro agus en:Euro#Plural formation and grammar). Chuir mé tús leis an saghas plé sin inné, ach níl sé críochnaithe - tá i bhfad níos mó eolais agus taithí agatsa, a Evertype, maidir leis... --Gabriel Beecham 20:30, 30 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
A Ghabriel, and rud NACH bhFUIL cheart anseo ná, gur athainmnigh tú an t-alt seo go tobann, gan phlé. Féach ar Stair an Ailt. 31 Lúnasa 2005 a bhí an t-athrú is déanaí sular athraigh tú ainm an ailt. Bhí plé roimhe sin agus comhaontú chun eoró a úsáid mar theideal an ailt. Níor cheart an rud a rinne tú, ná an t-alt a athainmniú gan níos mó plé agus comhaontú gur cheart an t-athrú a dhéanamh. Cuir an t-athainmniú ar cheal, le do thoil, go dtí go mbeidh an cheist pléite, nó cuirfidh mise é. Evertype 23:45, 30 Nollaig 2005 (UTC)[reply]
Gabh mo leithscéal má athaimnigh mé an t-alt go tobann, ach nach féidir linn an t-ábhar a phlé anois sula aistreofar arís é? Dá chinnfimis é a ainmniú "Euro", ní bheadh aon buntáiste leis. Maidir leis an ábhar:
  • Seo an sé sampla atá aimsithe agam don bhfocal eoró ar an Idirlíon (Google Éireann agus Aimsigh.com), lasmuigh de mholtaí iad fhéin chun an focal sin a úsáid, agus lasmuigh den Vicipéid agus a cuid scáthán. An liosta:
  • Tá an méid sin samplaí aimsithe ann do euro nach féidir iad go léir a liostáil anseo. Tá na mílte torthaí ag Google agus Aimsigh do euro as Gaeilge. Tá sé an-shoiléir ón bhfianaise seo go húsáidtear euro níos minicí ná eoró sa teanga scriofa, ar aon nós. --Gabriel Beecham 02:30, 31 Nollaig 2005 (UTC)[reply]

Euro an focal a chloistear--níl focail iasachta "mícheart", tá an Béarla mar shampla breac leo. Glacaim le heuro mar fhocal iasachta sa nGaeilge, agus níl mé cinnte go n-aimseoidh daoine an t-alt más é "eoró" an teideal a bheas air. --lpmorris