Plé:Cath na hEaglaise Brice

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an focal 'blár' I nGaeilge na hÉireann! (Féach Gaois.ie)

Ní hionann brí an fhocail 'blár' agus brí an fhocail 'cath' i nGaeilge na hÉireann - féach ar 'Blár'. Is é an 'blár' an áit ina gcuirtear an cath seachas an cath é féin. Anuas air sin, ní chuirtear fleiscín idir 'h' agus tús focail más le ceannlitir a thosnaíonn an focal. 'Cath na hEaglaise Brice' an teideal gur chóir bheith leis an leathanach sa Vicipéid seo, mar sin. Felo de Me (plé)

A Chara, Cé go bhfuil "talamh fairsing gan scáth, nó machaire" i gceist de gnath leis an fhocal blár, i gcomhthéacs na staire, ach go háirithe Stair na hAlban, d'fhéadfadh bríonna eile a a bheith i gceist!

Deir 'An Irish -English Dictionary (le Edward O'Reilly) an méid seo faoi 'BLÁR': Blár,blar, s, a plain, a field:s. m. a spot, a star or mark on the face os a horse or other beast: a dispute , contention: a battle.

Deir 'Faclair Dwelly air Ioidhne' (Féach:http://www.cairnwater.co.uk/gaelicdictionary/?txtSearch=bl%C3%A0r&SBG=battle) blàr gen sing -àir, n pl -àir, -a, & -an, sm Plain, field. 2 Ground, floor. 3 White spot on the face of animals, (chiefly applied to cows and horses). 4* Cow with a white spot on its face. 5 Green. 6 Battle. 7 Battlefield. 8 Peat moss, marsh. Féach freisin:The electronic Dictionary of the Irish Language (eDIL) http://edil.qub.ac.uk/; 'tar eis cur an bhláir' `after fighting the battle'.

Blár cogaíochta é an stair! ( Féach:Ciarán Dunbar http://nos.ie/gniomhaiochas/polaitiocht/ce-a-bhfuil-eagla-orthu-labhairt-faoi-1916/ Dáta: 2015-06-23 )

Beir bua Ériugena (plé) 12:19, 30 Aibreán 2017 (UTC)[reply]


A Chara,

Ní gá dúinn 'comhthéacs na staire' a lua: Tá 'cath' ar cheann de na gnáthbhríonna atá ag an bhfocal 'blár' i nGaeilge na hAlban. (Sin é an fáth go bhfaightear i bh'Faclair Dwelly air Ioidhne' í - ní bhaineann an foclóir sin le Gaeilge na hÉireann.) Ní Gaeilge na hÉireann í Gaeilge na hAlban, áfach, ná Vicipéid Uicipeid.

B'aisteach an cur chuige a bheadh ann dá dtosnóimis Gaeilge na hÉireann agus na hAlban a mheascadh ar an Vicipéid seo agus teidil i nGaeilge na hAlban a thabhairt do leathanaigh atá scríte i nGaeilge na hÉireann agus atá le léamh ar Vicipéid. Ní thabharfaí teideal in Iodáilis do leathanach de chuid Wikipédia (.i. atá scríte i bhFraincis), cé go bhfuil baint stairiúil idir an dá theanga, agus té sé sin fíor fiú i gcás leathanach a bhaineann le stair na hIodáile. ('Michel-Ange' a thugtar ar an leathanach faoi Michelangelo ar Wikipédia, cur i gcás, toisc gur 'Michel-Ange' an t-ainm a thugtar air i bhFraincis.)

Maidir leis na foclóirí gur luais iad: Ní mór dúinn cur san áireamh gur foclóirí stairiúla iad. Foclóir a bhaineann leis an tSean-Ghaeilge agus leis an Meán-Ghaeilge é eDIL agus foilsíodh foclóir Edward O'Reilly sa bhliain 1817. Nach mór an t-athrú atá tagtha ar Ghaeilge na hÉireann idir an dá linn? Ní féidir linn a bheith ag brath ar mhínithe atá le léamh i bhfoclóirí dá leithéid.

Déarfainn gurb eol duitse go bhfuil go leor focal i nGaeilge na hAlban a úsáidtí i nGaeilge na hÉireann tráth ach atá dulta i léig in Éirinn, nó atá in úsáid in Éirinn ach bríonna eile acu anois. Tá 'blár' ar cheann de na focail sin: Bhí sé in úsáid in Éirinn tráth dá raibh, agus 'cath' i measc na mbríonna a bhí leis. Níl an bhrí sin leis i nGaeilge na hÉireann a thuilleadh, áfach.

Beir bua Felo de Me (plé)