Plé:Béising

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mar fhreagra do MhacTíre02, a scríobh 'nach bhfuil "...ó Gheata Tian'an" níos fearr ná "...ón nGeata Tian'an"?':

“Ó Gheata Brandenburg” nó “ó Gheata Jaffa” a bheadh ceart, cinnte. Ach bhí mé ag smaoineamh nach bhfuil "Geata Tian'an" inchurtha leis an dá shampla seo, ach le "an Garda Síochána". "Síocháin neamhaí" an chiall atá le "Tian'an". Anois "geata" an chiall atá le "men", agus is dócha go mbeifí ag iarraidh an t-alt a usáid le "síocháin" agus ciall chomh leathan sin i gceist: Tian'anmen = Geata na Síochána Neamhaí. B'fhéidir go bhfuil an ceart agat, mar sin, agus go raibh mé ag smaoineamh ar bhealach rólitriúil (congming fan bei congming wu; you can think too much.) Athraigh é má's mian leat--seans go n-athróinn mé féin é ach ba mhaith liom smaoineamh air. (Ní bhéinn lántsásta ach le barúil Phanu fá dtaobh de.) SeoMac 23:44, 24 Eanáir 2011 (UTC)[reply]