Plé:An tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cóid stádais[athraigh foinse]

An bhfuil aon aistriúcháin ar chóid stádais IUCN? EX = díothaith, CV = i mbaol go criticiúil etc?

IUCN agus AICD[athraigh foinse]

Tugann tearma.ie le fios gurb é; IUCN abbr the International Union for Conservation of Nature (i mBéarla) agus an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (i nGaeilge) (Tagairt:https://www.tearma.ie/q/International%20Union%20for%20Conservation%20of%20Nature/ )

Ní luaitear abbr nó giorrúchán don leagan Gaeilge! B'fhéidir, nach gceapann tearma.ie go mbeadh gá lena leithéid inár dteanga thearcfhorbartha!

Tá an méid seo againn sa Vicipéid; 'Eagraíocht idirnáisiúnta é IUCN (nó Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra)..' (https://ga.wikipedia.org/wiki/Aontas_Idirn%C3%A1isi%C3%BAnta_do_Chaomhn%C3%BA_an_D%C3%BAlra)

I bhFraincis tá UICN ann i gcomhair Unión Internacional para la Conservación de la Naturaleza, (Tagairt:https://fr.wikipedia.org/wiki/Union_internationale_pour_la_conservation_de_la_nature) agus sa Spáinnis tá UICN i gcomhair Unión Internacional para la Conservación de la Naturaleza.(Tagairt:https://es.wikipedia.org/wiki/Uni%C3%B3n_Internacional_para_la_Conservaci%C3%B3n_de_la_Naturaleza)

Mar sin, mholainn an giorrúchán seo a leanas AICD (Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra ) in ionad IUCN, agus an t-alt reatha ar Vicipéid a athrú go dtí; 'Eagraíocht idirnáisiúnta é AICD (nó Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra)...'

Ériugena (plé) 13:47, 17 Meán Fómhair 2022 (UTC)[reply]