Plé:An Ultais

Page contents not supported in other languages.
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

"Is é an sainmhíniú dlíthiúil ar Albainis Uladh mar "an leagan de theanga na hAlban ar baineadh úsáid as go traidisiúnta i bpáirteanna de Thuaisceart Éireann agus Dhún na nGall.’" Cén dlí?Éóg1916 20:00, 29 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]

"The North/South Co-operation (Implementation Bodies) (Northern Ireland) Order 1999", Annex 2, DEFINITIONS, Part 5 (Language), Section 1.7.[1] Guliolopez 21:33, 29 Meán Fómhair 2009 (UTC)[reply]
Is féidir a rá gur 'sainmhíniú dlíthiúil amháin' atá anseo is dócha.Éóg1916 21:02, 1 Deireadh Fómhair 2009 (UTC)[reply]

Albainis Uladh nó Ultais mar theideal an ailt seo[athraigh foinse]

Tugtar Ultais anois ar an teanga seo de réir focal.ie. Nach mbeadh sé níos fearr an leathanach a athainmniú dá réir sin? Mac Tíre Cowag 11:09, 16 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]

An bhfuil fuinse eile ann?Éóg1916 21:08, 16 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]
Bheadh Canúintí Albainis Uladh oiriúnach.Éóg1916 21:26, 16 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]
Tá foinsí eile ann. Rialtas na Ríochta Aontaithe, Beo!, The Irish Times, politics.ie, Blag an Chainteora Dóchais, An Foras Teanga/Tha Boord o Leid, Irish Statute Book, Sinn Féin, Dáil Éireann, Nuacht24, Gaelscéal, Pobal, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann/Airts Cooncil o Norlin Airlan. .i. is focal coitianta agus oifigiúil í Ultais. Ní fiú alt a chruthú faoin ainm Canúintí teanga X. An bhfuil alt againn faoin ainm Canúintí Ghaeilge na hÉireann ina scríobhtar síos ar an teanga mar atá, ní ar na canúintí ar leith? Teanga amháin í an Ultais mar atá sa Ghaeilge - teanga amháin inar féidir cur síos a dhéanamh uirthi mar chanúint de chuid teanga níos mó (Ultais -> Béarla; Gaeilge na hÉireann -> Gaeilgí na hAlban, na hÉireann, agus Mhanann) nó mar theanga ar leith agus canúintí ar leith aici (Ultais -> Bellamaina, Liffer, srl; Gaeilge -> Gaeilge na Mumhan, Chonnacht, Uladh, an CO, srl.). Mac Tíre Cowag 07:55, 17 Lúnasa 2011 (UTC)[reply]