Plé:Aibítir Choireallach
Cuma
"Coireallach" an leagan a úsáidtear sa leagan Gaeilge den bhrabhsálaí Mozilla Firefox. Siúd is go bhfuil "Cirileach" in úsáid ar Acmhainn.ie i bhFoclóir na Litríochta agus na Critice, tá Coireallach ansin freisin, san Oll-Liosta Téarmaíochta.
Tá mé féin chomh tuirseach le haon duine eile den éiginnteacht seo, ach ní téarma go húsáid, mar a dúirt Aodh Ó Canainn, agus is é mo thuairim mhacánta féin go bhfuil ceart na húsáide ag an leagan "Coireallach", buíochas le Firefox. Thairis sin, tá cuma níos Gaelaí ar "Coireallach". Panu Petteri Höglund 12:16, 8 Aibreán 2006 (UTC)
- Ach nach úsáidtear "Cirileach" chomh maith? Ba féidir 'aibítir Chirileach' a lua mar mhalairt eile, agus 'aibítir choireallach' a úsáid mar phríomhainm. --Gabriel Beecham 16:46, 8 Aibreán 2006 (UTC)