Phnom Penh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Phnom Penh
Phnom Penh
Suíomh

11°33′ Thuaidh 104°55′ Thoir

Rialtas
Tír Flag of Cambodia.svg An Chambóid
Déimeagrafaic
Achar km²
Daonra 1,501,725
Dlús daonra 2,200/km²

Is é Phnom Penh príomhchathair na Cambóide agus an chathair is mó sa tír. Tá Phnom Penh suite ar bhruacha aibhneacha an Tonlé Sap, an Mekong agus an Bessac san áit a dtagann na trí habhainn úd le chéile.

Rinneadh príomhchathair de den chéad uair sa bhliain 1434. "Péarla h Áise" a thugtaí ar Phnom Penh nuair a bhí an Chambóid ina coilíneacht de chuid na Fraince. Meastar 370,000 duine a bheith ina gcónaí sa bhliain 1975 gan trácht ar na teifigh ag bhí ag plódú isteach mar gheall ar an gcogaíocht a bhí ar siúl sa tír san am úd. Chomh luath agus a ghlac an Khmer Rouge seilbh ar Phnom Penh, dhíbrigh siad an pobal ar fad ón gcathair agus ní raibh ann ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin ach oifigigh, saighdiúrí agus a dteaghlaigh, chomh maith lena gcuid príosúnach. Bhí 32,000 duine ann sa bhliain 1978. Tháinig fás mór ar an gcathair i ndiaidh don Khmer Rouge a bheith díbeartha go gairid ina dhiaidh sin.