Phalacrocorax
broigheall | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
Aicme | Aves |
Ord | Suliformes |
Fine | Phalacrocoracidae |
Géineas | Phalacrocorax Brisson, 1770 |
Géineas éan san fhine Phalacrocoracidae (na broighill) is ea Phalacrocorax. Tugtar broighill an tSean-Domhain ar bhaill den ghéineas seo freisin.
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug an míoleolaí Francach Mathurin Jacques Brisson an géineas Phalacrocorax isteach i 1760 agus Phalacrocorax carbo mar an speiceas tíopúil.[1][2] Is é Phalacrocorax an focal Laidine ar bhroigheall.[3]
Roimhe seo, rangaíodh go leor speiceas broigheall eile le Phalacrocorax, ach cuireadh an chuid is mó díobh seo i ngéinis eile ó shin. Fuair staidéar a foilsíodh in 2014 gur comhghéineas de chuid Phalacrocrax é Urile, agus creidtear gur scoilt siad óna chéile idir 8.9 agus 10.3 milliún bliain ó shin.[4]
De réir an taighde chéanna, tá 12 speiceas sa ghéineas.[4] Ghlac Liosta Dearg an IUCN, BirdLife International, agus Aontas Idirnáisiúnta na nÉaneolaithe (IOC) leis an tacsanomaíocht seo.[5]
Speicis
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Phalacrocorax capensis
- Phalacrocorax capillatus
- Phalacrocorax carbo — Broigheall
- Phalacrocorax fuscescens
- Phalacrocorax fuscicollis
- Phalacrocorax lucidus
- Phalacrocorax nigrogularis
- Phalacrocorax punctatus
- Phalacrocorax sulcirostris
- Phalacrocorax varius
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Brisson (1760). "Ornithologie, ou, Méthode Contenant la Division des Oiseaux en Ordres, Sections, Genres, Especes & leurs Variétés" (in fr, la). Paris: Jean-Baptiste Bauche.
- ↑ "Check-list of Birds of the World" (1979) (2nd ed.) 1. Cambridge, Massachusetts: Museum of Comparative Zoology.
- ↑ Jobling (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names". London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ 4.0 4.1 Kennedy (2014). "Classification of the cormorants of the world". Molecular Phylogenetics and Evolution 79: 249–257. doi:PMID 24994028. .
- ↑ Gill: “Storks, frigatebirds, boobies, darters, cormorants”. IOC World Bird List Version 12.2. International Ornithologists' Union (August 2022). Dáta rochtana: 21 November 2022.