Percival Carag Mabasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPercival Carag Mabasa

Iriseoir agus craoltóir raidió Filipíneach ab ea Percival Carag Mabasa (14 Márta, 1959 – 3 Deireadh Fómhair, 2022), ar a dtugtar go gairmiúil Percy Lapid.[1] Bhí sé ina cháinteoir neamhbhalbh ar an Uachtarán Bongbong Marcos agus ar a réamhtheachtaí, Rodrigo Duterte.[2] D'óstáil sé an clár raidió Lapid Fire ar DWBL, áit a ndeachaigh sé i ngleic le cásanna éillithe.[3] Nocht sé neamhrialtachtaí maidir le hOrdú toirmiscthe Siúcra Uimh 4 de chuid an Riarachán Rialála Siúcra. Mar thoradh ar an scannal a bhí os comhair lucht riaracháin Marcos d’éirigh an rúnaí feidhmiúcháin Vic Rodriguez as oifig i Meán Fómhair 2022.[4]

Bhí Lapid glórach i gcoinne chontúirtí na clibeála dearga, cleachtas ina ndéanann an rialtas iarracht iriseoirí agus easaontóirí eile a chur ina dtost trí chur ina leith gur cumannaithe iad.[5][6] Labhair sé amach gan scáth ná faitíos freisin in aghaidh na bréagaisnéise agus i gcoinne cogadh an rialtais ar dhrugaí.[6]

Chomh maith as a bheith ina óstach DWBL, bhí Lapid ina thuairisceoir raidió agus ina thráchtaire ó 1985 do DWXI, DZME, DWBC, DZRM, DWIZ, agus DZRJ agus ina cholúnaí don tablóideach Hataw .

Marú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh Percy Lapid an 3 Deireadh Fómhair, 2022, thart ar 8:30pm (UTC+8 ) agus é ag tiomáint ar a bhealach abhaile go BF Resort Village, pobal geataithe i Las Piñas.[4] Bhí méadú tráchta [7] ag geata na fo-roinne in aice le Sráid Aria i Barangay Talon 2 mar gheall ar ghnáthchigireacht a dhéanamh ar gach feithicil le haghaidh greamáin a bhí ag teastáil chun dul isteach san fhoroinn.[8] Chuaigh gluaisrothar le beirt ar bord i dteagmháil le feithicil Lapid sa scuaine,[8] agus scaoil fear an ghunna ón ngluaisrothar seo dhá urchar ag Lapid, ag marú Lapid láithreach.[4] Bhí feithicil Lapid thart ar 50 méadar ón ngeata nuair a tharla an eachtra..[7]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Popular Philippine radio journalist gunned down in Manila
  2. Cueto (7 October 2022). "P500K reward for arrest of Lapid killers" (en). The Manila Times. Dáta rochtana: 7 October 2022.
  3. LAPID FIRE ni Percy Lapid - YouTube”. www.youtube.com. Dáta rochtana: 2022-10-10.
  4. 4.0 4.1 4.2 Popular Philippine radio journalist gunned down in Manila”. Reporters Without Borders (October 4, 2022). Dáta rochtana: October 4, 2022."Popular Philippine radio journalist gunned down in Manila".
  5. Ore (October 6, 2022). "Journalists in the Philippines fear for their safety after popular commentator gunned down". CBC Radio. Dáta rochtana: November 5, 2022.
  6. 6.0 6.1 Cruz (October 4, 2022). "Who is the slain broadcast journalist Percy Lapid?". Interaksyon. Dáta rochtana: November 5, 2022.
  7. 7.0 7.1 "'Person of interest' sa pagpaslang kay Percy Lapid, tukoy na" (fil). ABS-CBN News (7 October 2022). Dáta rochtana: 7 October 2022.
  8. 8.0 8.1 Peralta-Malonzo (6 October 2022). "P1.5M bounty on the head of the radioman’s killer" (en). Sunstar. Dáta rochtana: 7 October 2022.