Peintiméadar dachtalach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is cineál meadarachta san fhilíocht é peintiméadar dachtalach. Athdhéantar an dachtal, atá déanta as siolla faoi strus (nó fada) agus dhá shiolla gan strus (nó gearr) cúig huaire chun líne pheinteaméadair a chruthú.

Sa litríocht chlasaiceach, is gnách go mbíonn sé le fáil sa dara líne den leathrann eiligiach clasaiceach Laidineach nó Gréagach, i ndiaidh heicsiméadair dhachtalaigh.

Tá dhá leath sa mheadaracht, iad araon múnlaithe timpeall na líne heicseamair dhachtalaigh suas go dtí an príomh-chaesúr. Is é sin, tá dhá dhachtal aige (ar féidir spoindéanna a chur ina n-ionad), agus longum (siolla trom) ina dhiaidh sin, agus dhá dhachtal ina dhiaidh sin (a chaithfidh fanacht ina ndachtail), agus longum ina dhiaidh sin. Mar sin is gnách gurb í seo a leanas an líne (tabhair faoi deara gur — siolla fada, gur ∪ siolla gearr agus gur ∪ ∪ ceann amháin fada nó dhá cheann ghearr):

| - ∪ ∪ | - ∪ ∪ | - || - ∪ ∪ | - ∪ ∪ | -

Mar a tharlaíonn i ngach foirmeacha véarsaíochta clasaiceacha, tugtar an feiniméan brevis in longo faoi deara, mar sin is féidir leis an siolla deireanach a bheith gearr nó fada. Chomh maith leis sin, tá déiréis ar an líne, áit a gcaithfidh teorainn focal a bheith ann, tar éis an chéad leathlíne, atá marcáilte anseo le ||

Téarma beagán aisteach é "Peintiméadar" don mheadaracht seo, mar is cosúil go bhfuil sé chuid ann, ach is í an chúis atá leis ná go bhfuil dhá throigh go leith ag an dá leath den líne, briste anseo ag an ||. Is ionann dhá go leith móide dhá go leith agus cúig cinn. Tugtar hemiepes (leath-epos) (An tSean-Ghreigis:ἔπος , 'epos' ; véarsa, líne, focal) an dá leathlíne, mar go bhfuil siad cosúil le leath líne de heicsiméadar dathalach eipiciúil.

Tá an peintiméadar suntasach mar gheall ar a cháilíocht an-struchtúrtha: ní cheadaítear aon ionadaíochta ach amháin sa chéad dá throigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Prosody (Latin)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]