Paul Wragg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaul Wragg
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Durham
The Rawlett School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmollamh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Leeds Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Twitter: paulwragg78 LinkedIn: paul-wragg-401a8b36 Cuir in eagar ar Wikidata

Is Ollamh le Dlí na Meán Cumarsáide in Ollscoil Leeds é an tOllamh Paul Wragg. Bíonn sé ag plé le gach gné de dhlí na meán cumarsáide ina chuid taighde, go háirithe le teoiric na saoirse cainte. D’fhoilsigh an chuideachta Hart monagraf leis, A Free and Regulated Press: Defending Coercive Independent Press Regulation sa bhliain 2020. An chéad leabhar eile leis, Free Speech Theory: A Radical Restatement, bhí sé le foilsiú sa bhliain 2024. Foilsíodh a chuid oibre i mór-irisleabhair ar fud an domhain, tá sé ina chomheagarthóir ar roinnt bailiúchán éagsúil i dtaobh dhlí na meán cumarsáide, agus scríobhann sé ailt go rialta i gcomhair Inforrm’s Blog. Tá taithí phraiticiúil aige ar rialáil an phreasa mar dhuine de chomhaltaí bunaidh Choiste an Chóid ag IMPRESS, an t-aon rialálaí preasa neamhspleách aitheanta amháin sa Ríocht Aontaithe. Is é stiúrthóir an ghasra feachtasaíochta um athchóiriú an phreasa, Hacked Off.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]