Patrick Geary

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPatrick Geary

Bhí Patrick Geary[1] ar na saighdiúirí a tháinig ó Éirinn go dtí an Astráil ar an long daoránach Britannia sa bhliain 1797.[2]

Sydney Cove sa bhliain 1788. Francis Fowkes a tharraing.

Bhí Gaeilge ag Geary, mar tá sé luaite mar ateangaire cúirte in Sydney ar an 20 Lúnasa 1808 ar son Patrick Henchan, daoránach a raibh gadaíocht curtha ina leith.[3]

Is féidir talamh slán a dhéanamh de ó thaobh na staitisticí teanga de go raibh roinnt éigin cainteoirí Gaeilge le fáil sna longa úd,[4] ach is annamh tagairt phearsanta den saghas seo le fáil mar léargas ar luathstair na Gaeilge san Astráil.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Níl a fhios go díreach cén sloinne a bheadh ar Geary i nGaeilge sa chás seo: tá baint ag “Ó Gadhra” le Contae Chorcaí, ach tá “Mac Gadhra” le fáil i gContae Ros Comáin. Féach MacLysaght, lch 121.
  2. Bhí an long seo ar cheann de chúig long Éireannacha a bhain Botany Bay amach idir na blianta 1791 agus 1791: ba iad Boddingtons, Queen, Marquis Conrnwallis agus Sugar Cane na cinn eile. Féach Hall.
  3. Hall, lch 238.
  4. Féach na staitisticí teanga in Fitzgerald, Garret: ‘Estimates for baronies of minimum level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts: 1771-1781 to 1861-1871,’ Proceedings of the Royal Irish Academy, Volume 84, Dublin 1984.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hall, Barbara (2006). Death or Liberty: The Convicts of the Britannia, Ireland to Botany Bay, 1797. Hall. ISBN 0-9581499-2-5
  • MacLysaght, Edward (1978). The Surnames of Ireland. Irish Academic Press. ISBN 0-7165-2278-0

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]