Jump to content

Parlaimint Shíomón de Monfort

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtParlaimint Shíomón de Monfort
Cineáltéarma reachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse20 Eanáir - Márta 1265
TírRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Simon de Montfort, rilíf íseal le  Gaetano Cecere; 1950

Tháinig Parlaimint Shíomón de Monfort (Béarla: Simon de Montfort's Parliament) le chéile ar 20 Eanáir 1265 i Sasana, agus scor sí i lár mhí an Mhárta sa mbliain chéanna. Ba é ba bhunús le Teach na dTeachtaí atá ann i gcónaí. Barún agus reibiliúnach ba ea de Montfort. Níor mhair an tionól ach dhá mhí ach chuir sé tús leis an nós toghairm a chur ar bhuirgéisigh chun bheith ina n-ionadaithe do na bailte móra, chomh maith leis na ridirí thar ceann na síreanna.

Cé gur cloíodh de Monfort agus d'éag sé i gCath Evesham[1] ar 4 Lúnasa 1265 agus cuireadh údarás Anraí III i bhfeidhm arís, bhí tionchar ag an bhfasach seo ar chomhdhéanamh na Parlaiminte i Sasana agus in Éirinn ó na 1290í ar aghaidh.[2]

I 1258, d'éirigh barúin Shasana amach i gcoinne an Rí Anraí III. Bhí fearg ar uaisle na tíre agus ar an Eaglais faoin gcaoi a raibh Anraí ag bailiú airgid, faoin méid a bhí sé a chaitheamh ar iarrachtaí a mhac a chur i gcoróin sa tSicil, agus faoin tionchar a bhí ag gaolta áirithe leis sa gcúirt.[3] Réitíodh an t-achrann go síochánach le hathchóirithe ar an mbunreacht ar a dtugtar Forálacha Oxford agus Westminster, ach i 1263, thionóil Síomóin de Montfort comhairle barún agus rinne príosúnaigh den Rí is den Bhanríon Eileanór.[4] Tugadh isteach Louis IX na Fraince le headráin a dhéanamh, agus chinn sé a chearta a thabhairt ar ais don Rí Anraí.[5] I mí Aibreáin 1264, thug Anraí slua armtha isteach i ndúiche Montfort, gníomh a chuir tús as an nua le Cogadh na mBarún.[6] Chaill Anraí Cath Lewes agus níor fhág Montfort aige ach teideal rí.[7] Ag Montfort a bhí an chumhacht feasta agus reáchtáil sé pairlimint i Londain i Meitheamh 1264 le hathruithe ar an mbunreacht a leagan síos. Iarradh ar dhá ridire as chuile chontae a theacht, arb í cúirt an chontae a roghnódh iad, agus bhí cead acu ráitis a dhéanamh faoi chúrsaí stáit de réir mar ba mhian leo - an chéad uair a bhí a leithéid de shocrú ann.[8] Sa bhFrainc, áfach, bhí an Bhanríon Eileanóir ag tuineadh leis an Rí Louis ionradh a dhéanamh ar Shasana. Ba sa gcomhthéacs seo a chinn Montfort parlaimint de shaghas nua a thionól.

An Pharlaimint

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Montfort gairm scoile amach ar 14 Nollaig 1264 le parlaimint nua a thosú ar 20 Eanáir 1265. Ag súil le tuilleadh tacaíochta a fháil a bhí sé, tráth a raibh an Fhrainc ag beartú ionsaí a dhéanamh ar Shasana. Tugadh cuireadh ní hamháin do na huaisle, do na heaglaisigh thábhachtacha agus do bheirt ridirí as chuile chontae, ach do bheirt bhuirgéiseach as chuile phríomhbhaile mór freisin. Fós féin, áitíonn an staraí Jeffrey Hamilton nach prótadhaonlathas a bhí ar bun ach tionól a thacaigh le Montfort.[9] Ní raibh i láthair ach 23 duine d'uaisle na tíre, mar gheall nach raibh mórán acu fágtha ar thaobh Montfort. Bhí 120 eaglaiseach ann ó bhíodar sin báúil go leor leis; agus níl a fhios cé mhéad buirgéiseach a d'fhreastail ar an bParlaimint.[10]

Cuireadh ar siúl í i bPálás Westminster, go díreach taobh amuigh de chathair Londan, áit a raibh an chosmhuintir fós sásta le rialtas Montfort, agus bhí an Rí Anraí i láthair. Dhírigh gnó na Parlaiminte den chuid ba mhó ar Fhorálacha Westminster a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le cumhacht na dtiarnaí móra a shrianú. Gealladh cúnamh dóibh siúd a bhí ag fulaingt, dar leo, faoi thiarnaí míchothroma. Murab ionann agus gnáthpharlaimintí na linne, ach ar aon dul leis an gceann a reáchtáil Montfort roimhe sin, bhí cead ag na teachtaí labhairt ar aon ábhair thábhachtacha ba mhian leo.[11]

Deireadh le Réimeas Montfort

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh tréimhse ghearr shíochána, mhéadaigh ar mhíshástacht Shasana i leith rialtas Montfort, go háirithe mar gheall ar an bhfortún a bhí Montfort is a theaghlach a ghabháil chucu féin. Scoir an Pharlaimint i lár mhí an Mhárta 1265 agus d'éalaigh an Prionsa Éadbhard ó ghéibheann i mBealtaine. D'ionsaigh sé fórsaí Montfort agus ar deireadh maraíodh Síomón de Montfort féin ag Cath Evesham i Lúnasa.[12] Bhí reibiliúnaigh fós ann i gceantar Ely go dtí Iúil 1267, agus nuair a ghéilleadar sin bhí deireadh leis an gcogadh.[13]

Cloth drawing
Íomhá ón 13ú haois a thaispeánann corp Shíomóin de Montfort á leadradh i ndiaidh Chath Evesham i 1265

Feadh is a mhair Anraí III, lean sé air ag tionól parlaimintí, a mbíodh ridirí ó na contaetha i láthair ag go leor acu agus buirgéisigh as na bailte móra ag ceann amháin. Rinneadh gnáthchleachtas de ridirí is buirgéisigh a bheith ann faoi réim Éadbhard I, agus d'fhorbair Teach na dTeachtaí as seo.[14] In 2015, reáchtáil Parlaimint na Ríochta Aontaithe clár imeachtaí ar feadh na bliana le ceiliúradh a dhéanamh ar Pharlaimint Monfort 750 bliain roimhe sin.[15]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Battle of Evesham" (as en) (2023-01-17). Wikipedia.
  2. UCD Sutherland School of Law (20 Eanáir 2021). "Parlaimint Shíomón de Monfort" (ga-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-01-18.
  3. Howell 2001, p. 153; Carpenter 2004, pp. 347–349
  4. Wild 2011, pp. 41–42, 48
  5. Jobson 2012, pp. 13–105; Hallam & Everard 2001, p. 283
  6. Jobson 2012, pp. 109–112
  7. Jobson 2012, pp. 117, 122
  8. Carpenter 2004, p. 378; Carpenter 1996, p. 393
  9. Hamilton 2010, p. 46
  10. Maddicott 1994, p. 317
  11. Jobson 2012, pp. 132–144
  12. Jobson 2012, pp. 132–144
  13. Carpenter 2004, p. 381
  14. Carpenter 1996, p. 393
  15. "2015 Anniversaries: An Update".