Pandóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Pandora)
WD Bosca Sonraí Réad RéalteolaíochPandóra 
Ainmniú sealadachS/1980 S 26 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgealach de chuid Satairn agus gnáthghealach
FionnachtaíVoyager 1 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta fionnachtanaDeireadh Fómhair 1980
EapainmPandóra
Réad tuismitheoraSatarn
Sonraí fithiseacha
Ais mhór a141,700 km
Éalárnacht e0.0042
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha
Mais140 Eg[1] Cuir in eagar ar Wikidata
Ailbéideacht0.6 Cuir in eagar ar Wikidata

Is satailít inmheánach de chuid Shatarn é Pandóra. Fionnadh é sa bhliain 1980 ó íomhaí glactha ag an tóireadóir Voyager 1 agus tugadh an t-ainm sealadach 1980S26 dó. Níos déanaí sa bhliain 1985 ainmníodh é go hoifigiúil mar “Pandóra”, duine sa mhiotaseolaíocht Gréagach. Tá ainm eile aige freisin, mar atá Satarn XVII. Measadh go raibh Pandóra ina shatailít aoireach ar Fainne F ach aithnítear inniu go bhfuil an mhortabháil sin ag a chomharsa Prometheus agus ní ag Pandóra é. Tá Pandóra clúdaithe le cráitéir iombualaidh níos mó ná tá Prometheus agus tá dhá cráitéir móra ar a laghad, ar lárlíne 30 km (19 mi) aige. Tá formhór na gcráitéar ar Phandóra éadomhain de bharr iad bheith líonta isteach le smionagar. Tá círíní agus claiseanna le feiceáil freisin ar an dromchla. Tá a lán sráitheanna athshondais ag Pandóra lena chomharsana agus dá dheasca sin tá fithis éagruthach aige. Gach 6.2 blianta tagann na hathruithe is mó ina bhfithisí nuair a bhíonn periapsis Pandóra ar line le apoapsis Prometheus agus nuair a thagann an dís taobh istigh de 1,400 ciliméadair (870 míle) le chéile. Tá athshondas le Mimas freisin ag Pandóra. Dá thairbhe a dlús an íseal agus a bhánacht ard is dócha go réad an scagach, oighreata Pandóra. Tá roinnt éideimhne sna sonraí seo agus tá sé le deimhniú go fóill.

Áiléar - Íomhá de Pandora ó Voyager 2 (Lúnasa 1981) Pandóra ón tóireadóir Cassini sa bhliain 2005. Tá fáinní Shatairn sa chúlra. Tógadh an dlúthradharc seo de Phandóra ag Cassini le linn eitilt-thart an spáslong ar an 3ú Meitheamh 2010.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. URL tagartha: https://ssd.jpl.nasa.gov/?sat_phys_par. Dáta rochtana: 5 Meán Fómhair 2020.