Panda
Is Mamach é an panda a bhfuil gaol aige le béir is racúin. Áitríonn sé foraoisí bambú sna sléibhte. Dhá speiceas ann. Is ón tSín an panda fathach atá cosúil le béar, le ceann mór cruinn, bán ach na cosa, na guaillí, an cliabhrach, na cluasa, is fáinne mórthimpeall na súl dubh. Ar na lapaí tosaigh tá cnámh fhadaithe rosta a fheidhmíonn mar 6ú méar: beireann sé greim ar phéacáin bambú leis an ordóg breise seo is an dá mhéar thosaigh eile. I 2005 fuair an panda fathach gafa is sine, Mei Mei, bás i zú i nGuilin i ndeisceart na Síne ag 36 bliain d'aois. Tá an panda dearg nó an panda beag ann freisin, dúchasach do dheisceart na Síne is tuaisceart Bhurma. Cosúil le racún, dearg/ donn, a íochtar is barr a eireabaill dubh. Marcanna bána ar a aghaidh.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |