Jump to content

Paireacht ghradaim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is frása é paireacht ghradaim a úsáidtear sa bhfealsúnacht pholaitiúil, chun teoiric faoi 'choimhlint idir-phobail a shárú' a mhíniú. Áitíonn tionscnóirí na teoirice go n-ofrálann an téarma "paireacht ghradaim" teanga dúinn le haghaidh caibidlíochta, i gcomhthéac na cothromaíochta iarchoinbhleachta. Tosaíonn an idirbheartaíocht leis na pobail ag aithint go bhfuil leamhsháinn acu.

Seachas leanúint ar aghaidh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile, ba chóir dos na pobail iarracht a dhéanamh dul i mbun caibidlíochta, i gcomhair cómhaireachtála síochánta i spás fisiciúil roinnte, in ainneoin a gcuid difríochtaí cultúrtha.

Is féidir cur síos ar "phaireacht ghradaim" mar teoiric iar-Eagnaíochta, toisc go bhfuil sé difriúil go suntasach ó réasúnachas liobrálachMarxach agus tá sé contrártha do smaointe na féinchinntiúcháin, de chuid an fichiú céad, nó smaointe an 19ú haois faoin náisiúnstát. Bhí súil ag go leor daoine le "feo an náisiúnachais", uair a thiocfadh mionlaigh laistigh den náisiúnstát. Is iad na coincheapa seo, na cinn is coitianta, sa lá atá inniu ann, sa teoiric pholaitiúil chomhaimseartha. Mar a scríobhann Ernest Gellner, "tá mór-thábhacht agus údarás, nach raibh riamh roimhe seo i stair an chine dhaonna, leis an smaoineamh go gcaithfidh teorainneacha polaitiúla a bheith comhthreomhaireach leis na cinn eitneacha, agus nach mór do rialtóirí gan a bheith inaitheanta ó thaobh eitneachais de, ó a ngéillsinigh"

Nuair a dhírigh teoiricí na hEagnaíochta le shaincheisteanna coinbhleachta idir-phobail, rinne sé amhlaidh trí chur chun cinn "neamh-seicteachas" in aghaidh "treibheachais" (liobrálachais) nó trí bhéim a chur ar "pholaitíocht aicmeach" in aghaidh "náisiúnachais bhuirgéisigh" (Marxachas). Níor thug ceachtar de na cineálacha cur chuige seo aitheanta ar bith do traidisiúin lucht na cogaíocha i coimhlintí idir-phobail. Ar an láimh eile, is féidir le "phaireacht ghradaim" glacadh le traidisiún na náisiúnaithe éagsúla agus iad taobh istigh de stát amháin.