Jump to content

Páirc Fiadhúlra Fhóite

(Athsheolta ó Páirc Dhúlra Fhóite)
Páirc Fiadhúlra Fhóite
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineál agus eagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht1983 Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 51° 53′ 23″ N, 8° 18′ 41″ O / 51.8896°N,8.3113°W / 51.8896; -8.3113
Gníomhaíocht
Cuairteoirí in aghaidh na bliana415,200 (2022)
Suíomh gréasáin oifigiúilfotawildlife.ie

Facebook: FOTAWILDLIFE X: fotawildlife Instagram: fotawildlife LinkedIn: 504933 Youtube: UCwLvP70tjbdUaLg4yFzHuLg TikTok: fotawildlife Cuir in eagar ar Wikidata

Páirc Fiadhúlra Fhóite[1] agus Teach Fhóite suite ag an taobh thiar den oileán Fhóite.[2] Tá an-tóir orthu mar chinn scríbe do thurais lae agus freastalaíonn bóthar agus iarnród ar an láithreán.[3]

Tíogar Sumatrach i bPáirc Fiadhúlra Fhóite, 2019

In 2015, osclaíodh síneadh seacht n-acra fhichead. Síneadh d'ainmhithe as an Áis atá sa bhforbairt, áit a bhfuil cuid de na speicis is mó atá i mbaol ar domhan le feiscint ann, an Tíogair Sumatrach, an Srónbheannach Indiach, fianna agus muca ina measc.[4]

Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach in Éirinn i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019

In 2024, bhí tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí, agus dhá bhliain d’aois air. Cuireadh Dao le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi in iarracht an speiceas a chaomhnú.[5]

Tháinig sé chun solais sa bhliain 2024 go ndearnadh cibirionsaí ar shuíomh gréasáin Pháirc Fiadhúlra Fhóite. Goideadh sonraí daoine a rinne íocaíochtaí ar shuíomh gréasáin na páirce.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Fota Wildlife Park
  2. fotawildlife.ie (2024). "Suíomh". Dáta rochtana: 2024.
  3. corkcoco.ie (2022). "PLEAN FORBARTHA CHONTAE CHORCAÍ 2022". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-06-29. Dáta rochtana: 2024.
  4. Nuacht RTÉ (2015-08-10). "Síneadh le Tearmann Ainmhithe Fota" (as ga-IE). 
  5. Conradh na Gaeilge. Londain (28 Nollaig 2024). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-12-29.
  6. Nuacht RTÉ (2024-08-29). "Fógra cibearshlándála tugtha do chustaiméirí Pháirc Fhóite" (as ga-IE).