Pádraig Mac Cearáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Mac Cearáin
Beathaisnéis
Breith27 Eanáir 1955
69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmaistritheoir, státseirbhíseach Cuir in eagar ar Wikidata

Iarstátseirbhíseach atá ar scor agus aistritheoir é Pádraig Mac Cearáin (rugadh 27ú Eanáir 1955). D'aistrigh sé Sayonara, bailiúchán de bhéaloideas na Seapáine le Patrick Lafcadio Hearn agus d'fhoilsigh Coiscéim é.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá suim mhór aige sa Ghaeilge agus cé nach bhfuil cáilíocht aige sa mhúinteoireacht tá sé tar éis go leor ranganna Gaeilge a theagasc.

Tháinig sé ar an tsaol ag 18 Sráid an Aontais ar Thaobh na Cathrach i nDoire Cholmcille. Séarlas Mac Cearáin a bhí ar a athair de bhunadh Chnoc na Rós i nDoire agus Máire Ní Bhrolcháin a bhí ar a mháthair roimh phósadh di. Tá beirt dheartháir agus ceathrar deirfiúr aige.

D'fhreastail sé ar Bhunscoil Naomh Eoghain, Sráid San Proinsias, Scoil na mBráithre Críostaí, Éadan an Chnoic agus Coláiste Cholmcille. Bhain sé céim B.A. amach sa Léann Éireannach sa bhliain 1977.