Ospidéal Ollscoile Ros Comáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ospidéal Ollscoile Ros Comáin
Íomhá
Sonraí
CineálOspidéal
Foirgníocht1941 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinRos Comáin, Éire
Map
 53°38′N 8°11′W / 53.63°N 8.18°W / 53.63; -8.18
Suíomh gréasáin oifigiúilhse.ie…

Freastalaíonn Ospidéal Ollscoile Ros Comáin ar Chontae Ros Comáin ar fad agus na ceantair ina thimpeall. Tá sé suite ar bhóthar an N61 díreach lasmuigh de bhaile Ros Comáin.[1] Osclaíodh é i lár Samhna 1941 in ionad an otharlann i mBaile na Mainistreach.[2] Tógadh an ospidéál ar chostas £120,000 agus ag an am ar thógadh é bhí 98 leaba ann do chásanna máinliachta agus leighis, mar aon le bardaí spesialta do leanaí agus máithreachas.[2] Ospidéal Chontae Ros Comáin a bhí an t-ainm ar an t-ospidéal go dtí 2015.

Seirbhíseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón am ar osclaíodh é, cuireadh Ospidéal Chontae Ros Comáin raon leathan seirbhíseanna leighis agus máinliachta, san áireamh (ach ní amháin) fiaclóireacht, cúram corónach, gnáthamh máinliachta, péidiatraic, timpistí agus éigeandála, máithreachas agus síciatracht.

Dhúnadh roinn máithreachais an ospidéil i 1978 nuair a dhiúltaigh an Bord Sláinte cnáimhseoir-gínéiceolaí nua a cheapadh ann.[3] Ó am go ham tar éis sin, áfach, saoladh leanaí sa Roinn Timpistí agus Éigeandála nuair a bhí cás éigeandála ann, toisc go raibh mná cabhrach cáilithe ag obair ann.[4]

Sa bhliain 2011, dhúnadh Roinn Éigeandála an ospidéil, rud a chruth conspóid polaitiúil.[5] Cuireadh "Ionad Cúram Práinne" ina áit, is féidir déileáil le cásanna áirithe Timpiste agus Éigeandála; de ghnáth aon tinneas nó ghortú nach bhfuil baint aige leis an gcliabhrach ná leis an gceann.[6]

Struchtúr bainistíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh in 2014 go mbeadh Ospidéal Ollscoile Ros Comáin mar chuid de nGrúpa Cúram Sláinte Ollscoile Saolta in éineacht le seisear hospidéil eile in iarthar na tíre.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]