Omar Gooding
![]() | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) Omar M. Gooding, Sr. |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 19 Deireadh Fómhair 1976 48 bliana d'aois Los Angeles, California |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Omar Gooding |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | University High School (en) Ardscoil Hollywood Thuaidh |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir, rapálaí, fuirseoir, aisteoir gutha, aisteoir teilifíse |
| Tréimhse oibre | 1989 – |
| Teangacha | Béarla |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Athair | Cuba Gooding Sr. |
| Siblín | Cuba Gooding Jr. |
Is aisteoir Meiriceánach é Omar M. Gooding, a rugadh ar 19 Deireadh Fómhair 1976. Rugadh é in Los Angeles, California. Is deartháir leis an aisteoir Cuba Gooding, Jr. é agus ba é Cuba Gooding, Sr. a athair. Ceoltóir rap agus fuirseoir é Omar chomh maith.
Bíonn aithne ar Gooding sa chuid is mó as na páirteanna a bhí aige i gcláracha teilifíse mar Touched by an Angel, Wild & Crazy Kids, Hangin' with Mr. Cooper, Smart Guy, Cousin Skeeter, agus Playmakers, agus sna scannáin Ghost Dad agus Baby Boy (as ar moladh a ról mar "Sweetpea".[1] Ba dhuine de na chéad léiritheoirí é Omar Gooding ar Wild and Crazy Kids, clár Nickelodeon do pháistí, sna blianta 1990–1992. Bhí sé le feiceáil sa bhliain 2005 mar Calvin Palmer, Jr., bearbóir in Chicago in Barbershop: The Series ar Showtime, clár a bunaíodh ar an scannán Barbershop (2002).
Bhí páirt ag Gooding in eipeasóid de chuid CSI: Miami sa bhliain 2002. Bhí an ról mar Odelle aige sa tríú séasúr de Deadwood. Bhí sé sa sitcom UPN úd One on One freisin; páirt Flex Washington, gruagadóir a bhí aige.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Omar Gooding Film Bug. Arna rochtain ar 16 Aibreán 2012
