Ollsléacht Nong Bua Lamphu, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtOllsléacht Nong Bua Lamphu, 2022
Íomhá
Map
 17°14′12″N 102°09′36″E / 17.2367°N 102.16°E / 17.2367; 102.16
Cineáloll-lámhach
dúnmharú–féinmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Deireadh Fómhair 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhUthai Sawan, An Téalainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Na Klang, An Téalainn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Téalainn Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisdrug dependence (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna38 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe12 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coirePanya Khamrab (en) Aistrigh (sladmharfóir) Cuir in eagar ar Wikidata
Armgunna láimhe
Gunna gráin
scian
pickup truck (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#กราดยิงหนองบัวลำภู Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla Ollsléacht Nong Bua Lamphu ar 6 Deireadh Fómhair 2022; mharaigh fear a raibh gunna agus scian aige 38 duine ag ionad cúram leanaí i mbaile Uthai Sawan i gCúige Nong Bua Lamphu i dtuaisceart na Téalainne in aice leis an teorainn le Laos. Iar-phóilín a bhí ann a mharaigh a bhean agus a pháiste san ionsaí, i dteannta 35- duine eile sular chaith sé é féin.[1]

Ospidéal Nong Bua Lamphu, faoi uisce

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Briseadh Panya Khamrab, 34 bliain d'aois, as a phost leis na póilíní sa bhliain 2021 nuair a cúisiodh i gcoireanna drugaí mídhleathacha é. Bhí sé os comhair cúirte faoi na cúisimh sin ar maidin sular thug sé faoin sléacht.

Ag am lóin a thosaigh an ruathar nuair a tháinig Khamrab isteach in ionad leanaí lena ghasúr a thabhairt abhaile. Ach bhí an páiste gaibhte abhaile roimhe sin le bean chéile an fhir. Chaill Khamrab a chiall agus chaith sé cúigear den mheitheal oibre (bhí gunna 9mm agus scian aige) sular thug sé faoi sléacht na bpáistí, a bhí ina curtha a chodladh i seomra a bhí faoi ghlas.

Bhí 22 páiste san iomlán maraithe ag Khamrab. Dhá bhliain d'aois a bhí na gasúir is óige a maraíodh. Idir dhá bhliain agus chúig bhliana a bhí na páistí ar fad. Is le scian den chuid is mó a thug fear an ionsaithe faoin ruathar.[1] Bheadh níos mó fós sa naíolann marach go raibh daoine coinnithe sa mbaile ag báisteach throm agus fuarlaigh.[1]

As sin, chuaigh Khamrab abhaile, áit ar mharaigh sé a bhean agus páiste sular chuir sé é féin den tsaol.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 8 / 9 Feabhra 2020, mharaigh saighdiúir de chuid an Royal Thai Army 29 duine.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2022-10-06). "37 maraithe, 22 páiste ina measc, in oll-sléacht sa Téalainn" (as ga-IE). 
  2. "Nakhon Ratchasima shootings" (as en) (2022-10-06). Wikipedia.