Níl daoine ina gcónaí ar an oileán ó 1952[2], ach bhíodh suas le 127 duine ina gcónaí ann ag deireadh na 19ú haoise. Tá roinnt tithe tréigthe ar an oileán chomh maith le tithe saoire athchóirithe atá ar fáil ar cíos.[3] Níl aon bhád farantóireachta ag freastal ar an oileán. Tá iarsmaí luath-Chríostaíochta éagsúla ar an oileán freisin — reilig, altóirí, crosa, agus aireagal ina measc.[2]