Oileán na Deascabhála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachOileán na Deascabhála
Íomhá
CineálOileán agus limistéar riaracháin Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósDeascabháil Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinSan Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 7°56′S 14°22′W / 7.94°S 14.37°W / -7.94; -14.37
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Airde os cionn na farraige345 m Cuir in eagar ar Wikidata
Toisí12 (leithead) × 14 (fad) km
Achar88 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Blian aimsithe1501 agus 1503 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Dáta a bunaíodh1815 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinascension.gov.ac Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán iargulta bolcánach san Atlantach Theas sna teochreasa é Oileán na Deascabhála. Cuid den chríoch Bhriotanach San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha atá ann. Cónaíonn gobharnóir na críche i Jamestown, i San Héilin.

Tá an t-oileán suite 1,600 ciliméadar amach ó chósta na hAfraice agus 2,250 ciliméadar ó chósta Mheiriceá Theas. Tá 88 ciliméadar cearnach d'achar ann.

Radharc ar an oileán i dtreo an deiscirt ó bharr Sliabh Green

Ceaptar go bhfaca loingseoir ón bPortaingéil an t-oileán den chéad uair sa bhliain 1501 ach, má chonaic, níl aon taifead air sin le fáil anois. Ar Fhéile na Deascabhála sa bhliain 1503, tháinig loingseoir Portaingéalach eile, Alfonso de Albuquerque, ar an oileán. D'ainmnigh sé as an bhféile é.

Tá daoine ag maireachtáil ar Oileán na Deascabhála ón bhliain 1815 i leith, an bhliain ar cuireadh garastún Briotanach isteach ann, é sin i ndiaidh Napoléon Bonaparte a chur i ngéibhinn ar San Héilin.

Cé nach bhfuil daonra dúchasach ná buanseasmhach inniu ann, bíonn isteach is amach le míle duine ina gcónaí ar Oileán na Deascabhála. Is as an oileán San Héilin a bhformhór, agus as an Ríocht Aontaithe agus as na Stáit Aontaithe cuid eile díobh. Oibríonn an chuid is mó díobh le fórsaí míleata na Ríochta Aontaithe. Oibríonn daoine eile le seirbhísí teileachumarsáide agus eagraíochtaí spáis mar NASA, nó ag soláthar seirbhísí sóisialta agus riaracháin. Tá scoil ar an oileán do pháistí suas le 16 bliana d'aois.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]