Oideachas éigeantach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Indinéis, 1996. Tugadh isteach an t-oideachas éigeantach níos déanaí san Áise ; bhí sclábhaíocht na bpáistí fós i bhfeidhm sa tSín go dtí na 1910idí

San Iarthar inniu, tá an t-oideachas éigeantach (Béarla: compulsory education) do pháistí ó aois sé bliana go haois sé bliana déag go minic. Tá an naíscoil éigeantach (3-6 bliain) i níos mó agus níos mó tíortha san Eoraip, chun feabhas a chur ar scileanna sóisialta i measc leanaí leochaileacha go háirithe agus mar sin, na míchothromaíochtaí idir na haicmí sóisialta a laghdú.[1] Ar an lámh eile, tá an scolaíocht éigeantach sa Rúis idir 7-17/18 mbliana déag, ach tá an réamhscolaíocht thar a bheith láidir ann chomh maith.

Foinse: UNESCO[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siar sa 17ú céad sna Stáit Aontaithe a cuireadh tús leis an oideachas éigeantach. Ba iad na Piúratánaigh a chuir tús leis chun cabhrú leo an Chríostaíocht a bhuanú sa tír.

Ansin tháinig an Réabhlóid Thionsclaíoch agus cuireadh páistí ag obair sna muilte agus sna monarchana. Thóg sé na blianta orthu an t-oideachas éigeantach a thabhairt isteach ar dhá thaobh an Atlantaigh. Tugadh isteach an t-oideachas éigeantach níos déanaí san Áise ; bhí sclábhaíocht na bpáistí fós i bhfeidhm sa tSín go dtí na 1910idí.

Faoi 1950, bhí an scolaíocht chomh coitianta sin gur tugadh ‘dropouts’ ar éinne nach raibh ar scoil. Bhí an Eoraip chun deiridh ar Mheiriceá sna cúrsaí seo ar fad.[3]

Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-oideachas éigeantach do pháistí in Éirinn ó aois sé bliana go haois sé bliana déag nó go dtí go gcríochnaíonn daltaí trí bliana den oideachas dara leibhéal. Is í an tsraith shóisearach an chéim dheiridh den oideachas éigeantach in Éirinn.[4]

Fágann sin go bhfeidhmíonn an Teastas Sóisearach mar bhreithiúnas ar a bhfuil bainte amach ag an bpáiste ag deireadh na scolaíochta éigeantaí. Tá an scolaíocht sin roinnte ina dhá chuid, agus í ar fáil ar dhá láthair scartha; ocht mbliana sa bhunscoil agus trí bliana sa mheánscoil (íochtarach).[5][1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 cogg.ie / Pádraig Ó Duibhir et al (2015). "Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta". Dáta rochtana: 2024.
  2. unesco.org (2020). "What you need to know about the right to education". Dáta rochtana: 2024.
  3. Mairéad Ní Nuadháin (19 Eanáir 2024). "Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  4. curriculumonline.ie. "Cláir Foghlama Leibhéal 1 agus an Creat don tSraith Shóisearach". Dáta rochtana: 2024.
  5. Cathal de Paor (2 Samhain 2015). "Leasú na Sraithe Sóisearaí: cárta poist oideachais ón Danmhairg" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.