Oibríocht Kenova
Cineál | taighde | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 2016 - | ||
Fiosrúchán (agus tuarascáil)[1][2] is ea "Oibríocht Kenova" (nó Fiosrúchán Kenova nó Operation Kenova) faoi ról Freddie Scappaticci – nó ‘Stakeknife’ – agus a láimhseálaithe in Arm na Breataine le linn na dTrioblóidí, agus 'Stát na Breataine agus an tIRA i gcomhar le chéile i marú saoránach’.
Maraíodh daoine cé go raibh a fhios ag na fórsaí slándála roimh ré céard a bhí beartaithe; maruithe ba cheart a bheith coiscthe. Is í Kenova an chéad chuntas cuimsitheach ar éilliú den chlaonchaidreamh idir ghníomhaire san IRA, Scappaticci, agus a láimhseálaithe in Arm na Breataine.[3]
Cuireadh tús leis an fiosrúchán sa bhliain 2016 agus foilsíodh an chéad tuarascáil eatramhach ar an 8 Márta 2024.[4][5][6][7]
Níor cúisíodh éinne riamh cé gur chuir Kenova breis is 30 cás faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh Poiblí. Deir údair Kenova gur cheart Scappaticci a bheith cúisithe in 2020.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Scappaticci san IRA ach ag soláthar eolais do na fórsaí slándála ag an am céanna.[8] Ina ról mar cheannaire ‘aonad slándála’ an IRA bhí Scappaticci freagrach as baill den IRA a fhuadach, a chéasadh agus a mharú toisc go rabhthas amhrasach gur sceith siad eolas leis na húdaráis faoin IRA. Meastar go raibh baint ag Freddie Scappaticci, ar tugadh an cód-ainm Stakeknife dó, le marú 14 agus fuadach 15 ar a laghad. le linn dó a bheith san IRA.[3]
Maíonn gaolta le cuid díobh sin a maraíodh nár bhrathadóirí iad ach gur mharaigh ‘Scap’ iad chun a spiaireacht féin a cheilt; b’eisean an breitheamh agus an fear a d’ordaigh na piléir i gcúl an chinn, cumhacht gan srian aige, is cosúil.[3]
Cuireadh Jon Boucher, iarPhríomh-Chonstábla Bedfordshire i gceannas an fhiosraithe idir 2016-2023 (d'éirigh sé ansin ina Príomhchonstábla ar an SPTÉ). Bhí carn mór tuairiscí curtha faoi bhráid na Seirbhíse Ionchúisimh chun go ndéanfaí cinneadh faoi chúisimh as coireanna tromchúiseacha, fuadach agus dúnmharuithe san áireamh.[9] Tháinig breis is 100 dúnmharú agus fuadach faoi anáil an fhiosraithe. Idir 2016-2021, bhailigh foireann Boucher, idir phóilíní agus sibhialtaigh 1,000 ráiteas, na mílte cáipéisí agus breis is milliún foilseán.[10]
Chosain an fiosrúchán €47 milliún idir 2016-2024.
Tuarascáil eatramhach, 2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir na tuarascála, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh beatha daoine a bheith sábháilte ag an eolas a chuir Stakeknife ar fáil d’fhórsaí slándála na Breataine dá mbeadh gníomh déanta acu de réir na faisnéise:[8]
'Fágadh daoine marbh nó a mbeatha i gcontúirt ar mhaithe le gníomhaire de chuid na bhfórsaí slándála a chosaint'.
Dúradh go bhféadfaí cuid díobh sin a sheachaint dá ngníomhódh Arm na Breataine agus póilíní an RUC mar a bhí ar an eolas. 'Níor dearnadh sin' a dúradh mar gur léir nár theastaigh óna húdaráis go gcuirfí i mbaol beatha 'Stakeknife'.[8]
I gcásanna áirithe, níor cuireadh an fhaisnéis ar aghaidh nó níor rinneadh scagadh ceart uirthi. I gcásanna eile, chinn na fórsaí slándála gan aon rud a dhéanamh ar eagla go bhfaighfí amach gur brathadóir a bhí ina ngníomhaire Stakeknife.[11][12][13]
- I gcás amháin, níor insíodh do bhrathadóir gur chosúil go raibh a fhios ag an IRA faoi; fuadaíodh agus maraíodh é.
- I gcás eile d’inis Arm na Breataine do Bhrainse Speisialta an RUC go raibh fear á choinneáil, cá raibh sé agus cé a bhí á cheistiú ach níor sábháladh é.[3]
De réir na tuarascála, ní raibh aon bhunús leis an maíomh gur shábháil ‘Stakeknife’ beatha na gcéadta. Is dócha nach raibh i gceist dáiríre ach thart ar dáréag ar a mhéid.
Dearbhuithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Jon Boutcher (Pnríomh-Chonstábla ar an SPTÉ) gur “teip thromchúiseach” a bhí san easpa struchtúir ó thaobh polasaí agus dlí a d’fhág gur cuireadh beatha daoine i mbaol. D'áitigh sé ar Rialtas na Breataine agus ar chinnirí ghluaiseacht na Poblachta leithscéal a ghabháil le muintir na ndaoine a maraíodh agus leis na daoine a tháinig slán.
Bhi leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt, Michelle O'Neill, leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dTrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. Dúirt sí go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na trioblóidí ó Thuaidh. D'admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht.[14]
Cóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuairiscíodh in 2022 go raibh seirbhísí rúnda na Breataine ag iarraidh cuid de thuairisc Boucher a cheilt ach go raibh Boucher ag diúltú don bhrú.[15]
Mhol lucht an fhiosrúcháin in 2022-2023 go gcúiseofaí naonúr iarbhall den IRA, cúigear iarshaighdiúirí in Arm na Breataine agus iaroifigeach san RUC. Ach ar an 6 Nollaig 2023, dúirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart nach raibh dóthain fianaise ann leis an dlí ar chur ar na daoine sin.[16]
D’fhógair Seirbhís Ionchúiseamh Poiblí an Tuaiscirt i mí na Mhárta 2024 nach gcuirfear an dlí ar aon duine de thoradh fhiosrúchán Kenova mar nach raibh “dóthain fianaise” ann.
Le Acht Oidhreacht na dTrioblóidí 2023[17] bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh stop a chur le fiosruithe agus cosc ar ionchoisní is cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.[18]
Eolas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Náiríodh gaolta le daoine a maraíodh mar bhrathadóirí; go minic thug an tsochaí inar mhair siad cúl dóibh. Bhí saol uaigneach acu. Tá súil ag cuid acu go bhfaighidh siad freagraí sna tuarascálacha pearsanta atá geallta dóibh.[3]
Cásanna eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nocht lear mór fiosruithe eile go raibh claonchaidreamh idir brathadóirí paraimíleatacha dílseacha agus seirbhísí faisnéise na Breataine. Agus chonaic muid an patrún céanna maidir le láimhseáil na mbrathadóirí dílseacha; rinneadh faillí san dualgas slándála ar mhaithe le gníomhairí a chosaint. Cuireadh bac ar fhiosruithe nó cheil an brainse speisialta eolas ar bhleachtairí chun a gcuid foinsí a chosaint.[3]
Níor cúisíodh na ciontóirí ach fágadh saor iad chun a thuilleadh slad a dhéanamh. Anuas ar sin dúirt Boutcher nár tháinig foireann Kenova ar chás ar bith inar cúisíodh aon duine as brathadóir a mharú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "About Kenova |". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 2024-03-08.
- ↑ kenova.co.uk (2016). "Téarmaí tagartha / European Convention on Human Rights - Fundamental Freedoms Compliance". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Póilín Ní Chiaráin (Márta 10 2024). "An chumhacht a ceadaíodh do Stakeknife – cé a mhairfeadh agus cé a mharófaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-10.
- ↑ kenova.co.uk (8 Márta 2024). "Tuarascáil eatramhach, 2024". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 Márta 2024. Dáta rochtana: 8 Márta 2024.
- ↑ Kenova (8 Márta 2024). "Preasócáid ar Youtube (Operation Kenova Interim Report)" (as en).
- ↑ kenova.co.uk (8 Márta 2024). "Jon Boutcher: Government and Republican leadership urged to apologise". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 8 Márta 2024.
- ↑ "Independent group statements following report publication |". www.kenova.co.uk. Dáta rochtana: 2024-03-08.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 Nuacht RTÉ (2024-03-08). "'Stakeknife' cosanta ach beatha dhaoine eile thíos leis dá bharr" (as ga-IE).
- ↑ "Kenova report set for new year after release protocol finalised |". www.kenova.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-05. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (16 Aibreán 2023). "Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-16.
- ↑ "Níos mó daoine maraithe ná mar a sábháladh de dheasca obair ‘Stakeknife’ agus a láimhseálaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ "Stakeknife report branded ‘damning indictment’ of state's role in Troubles" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ "Operation Kenova: Stakeknife cost more lives than he saved, says report" (en). The Irish News (2024-03-08). Dáta rochtana: 2024-03-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-08). "Leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt faoina bhfuil i Kenova" (as ga-IE).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (4 Eanáir 2023). "Cén bhail a bheidh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar aghaidh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-06). "'Stakeknife': ní thabharfar aon chúis in aghaidh sé dhuine dhéag" (as ga).
- ↑ Northern Ireland Troubles (Legacy and Reconciliation) Act 2023, nó "Northern Ireland Troubles Act" nó "Legacy Act"
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (13 Feabhra 2024). "Tá claontacht na dTóraithe ag cur Comhaontú Aoine an Chéasta as a riocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-28.