Meaisínaistriúchán néarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is meaisínaistriúchán néarach (MAN) ann ná cur chuige maidir le meaisínaistriúchán, a úsáideann líonra néarach saorga chun seichimh focal a thuar, de ghnáth ag samhaltú na seichimh go léir i múnla comhtháite amháin.

Is é an modh ceannasach atá inniu ann agus is féidir leis aistriúcháin a tháirgeadh a théann in iomaíocht le haistriúcháin daonna, nuair a aistrítear idir teangacha ardacmhainne faoi choinníollacha ar leith. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann, go háirithe le teangacha ina bhfuil níos lú sonraí (.i. corpas teanga) ar ardchaighdeán ar fáil.  agus le haistriú fearainn idir na sonraí a raibh córas oilte orthu agus na téacsanna a bhfuil sé ceaptha iad a aistriú. Bíonn claonadh ag córais MAN aistriúcháin measartha liteartha a tháirgeadh freisin.

Airíonna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní theastaíonn ach ach codán den chuimhne is gá trí mhúnlaí an mheaisínaistriúcháin staitistiúil (MAS). Ina theannta sin, murab ionann agus na córais aistriúcháin thraidisiúnta bíonn gach cuid de mhúnla an  aistriúcháin néaraigh oilte i gcomhpháirt (deireadh-go-deireadh) chun an fheidhmíochta aistriúcháin a uasmhéadú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]