Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua
Mana | Aide toi, Je t'aiderai |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | scoil chuimsitheach eagraíocht neamhbhrabúis |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1891: Scoil Abhóca 1894: Scoil Bhaile an Rí 1972: Scoil na Páirce Nua |
Gníomhaíocht | |
Líon scoláirí | 800 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú |
|
Suíomh gréasáin | newparkschool.ie |
Meánscoil chomhoideachais, chuimsitheach, gan táille, i gcúram Eaglais na hÉireann is ea Scoil na Páirce Nua (Béarla: Newpark Comprehensive School), atá suite ar Ascaill Pháirc an Bhaile Nua ar an gCarraig Dhubh, i gContae Átha Cliath, Éire.
Bunaíodh an scoil mar Scoil Chuimsitheach na Páirce Nua i 1972 tar éis Scoil Bhaile an Rí agus Scoil Abhóca a chónascadh le chéile, chun chomhoideachais gan táille a chur ar fáil do Phobal Eaglais na hÉireann in Áth Cliath Theas. Anois, tá an bhunaidhm chéanna ag an scoil. Ach, cé go bhfuil meon na hEaglaise ann, tá beartas oscailteachta ann maidir le traidisiúin agus le cultúir. Mar scoil chuimsitheach, cuireann Scoil na Páirce Nua fáilte roimh bhuachaillí agus roimh chailíní cibé creideamh nó eitneacht.
An Campas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá achar campais Scoil na Páirce Nua 32,375m² (8 acraí) i méid. Tá foirgneamh saintógtha lárnach don scoil, rud a bhí oscailte i 1974, ach baintear úsáid as dhá theach mhóra, "Melfield" agus "Belfort" (ar a dtugann na daltaí "the Red-Brick"), fortheach saintógtha ar Belfort (Foirgneamh F), teach geata agus seomraí coimhdeacha eile freisin.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 25 Seomra Ranga
- Halla Léachtaí (C6/Téatar Hunter)
- Leabharlann agus dhá Sheomra IT (A2/D8)
- Bialann
- 2 chistin le haghaidh Eacnamaíochta Baile (B1/B3) agus Seomra Fuála (B5)
- 5 shaotharlann (C1, C3, D6, D7, E1)
- Seomra Ealaíne (C5/C7)
- Seomra Líníochta Teicniúla (C8)
- Ceardlann Adhmadóireachta/Staidéir Foirgníochta (C9/C11)
- Ceardlann Miotalóireachta agus Innealtóireachta (F6)
- Seomra Dorcha
- Seomra Ceoil (G4) (Is féidir leis na Mic Léinn an tIonad Ceoil a úsáid freisin).
- Seomra na Maor (E2)
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imríonn Scoil na Páirce Nua haca agus rugbaí go traidisiúnta. Le déanaí, tá cispheil á himirt sa scoil chomh maith.
Haca
[cuir in eagar | athraigh foinse]San am atá thart, bhí clú ar Scoil na Páirce Nua mar mhórscoil haca. I dtaca le Club Haca Abhóca, bhuaigh siad roinnt comórtas náisiúnta ⁊ idirnáisiúnta. Ar an drochuair, mar gheall ar chúiseanna éagsúla, bhí haca ag Scoil na Páirce Nua tar éis titim chun raice ag deireadh na nóchaidí agus tá an cás ag an nóiméad fós i bhfad níos measa ná na laethanta órga. Tar éis oscailt páirce nua de chuid Chlub Haca Abhóca ar champas na scoile áfach, tá haca sa scoil ar a seanléim arís.
Imríonn buachaillí ⁊ cailíní ar gach aois haca i Scoil na Páirce Nua.
- Sinsearach
- Sóisearach
- Faoi 16
- Mionúr
- Faoi 13
Iar-scoláirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bryan Dobson, Nuacht RTÉ
- Jonathan Philbin Bowman, craoltóir
- Chris Horn, IONA Technologies
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scoil na Páirce Nua - suíomh oifigiúil (as Béarla amháin)
- Ionad Spóirt na Páirce Nua - suíomh oifigiúil (as Béarla amháin)
- Ionad Ceoil na Páirce Nua Curtha i gcartlann 2007-02-05 ar an Wayback Machine - suíomh oifigiúil (as Béarla amháin)
- Club Haca Abhóca - suíomh oifigiúil (as Béarla amháin)