Neicreapholaitíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis an neicreapholaitíocht ná úsáid a bhaint as cumhacht shóisialta agus pholaitiúil le rá go mairfidh daoine áirithe agus go bhfaighidh daoine eile bás. Nuair a chuirtear an neicreapholaitíocht i bhfeidhm, cruthaíonn sí rud a dtugann Achille Mbembe saol an bháis air, .i. “foirmeacha nua agus uathúla den saol sóisialta ina gcuirtear daonraí ollmhóra faoi choinníollacha maireachtála a thugann stádas na marbh beo dóibh.” [1] Ba é Mbembe, údar On the Postcolony, an chéad scoláire a rinne iniúchadh domhain ar an téarma ina alt a foilsíodh sa bhliain 2003,[2] agus ina dhiaidh sin, ina leabhar ar a bhfuil an teideal céanna (2019). Aithníonn Mbembe an ciníochas mar phríomhspreagthóir na neicreapholaitíochta, ag rá go n-íslítear saol daoine ciníochaithe ar bhealach córasach, agus go dtugtar i dtaithí ar an gcaillteanas iad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Necropolitics" (October 2019). Durham: Duke University Press. 
  2. Mbembe (2003). "Necropolitics". Public Culture 15 (1): 11–40. doi:10.1215/08992363-15-1-11.